Skip navigation

SEARCH UCD

Advanced Search
 
 

UCD School of Archaeology

Scoil na Seandálaíochta UCD

Cuireann sé áthas orm fáilte a chur romhat chuig Scoil na Seandálaíochta UCD.

Tá ochtar ball foirne teagaisc againn, agus tá siad uile ina saineolaithe aitheanta ina réimsí taighde féin. I measc na mball foirne eile, tá línitheoir, speisialtóir ríomhaireachta agus teicneolaíocht faisnéise agus speisialtóir tochailte agus iarthochailte. Tá pobal beoga iarchéimithe sa Scoil, go leor acu a oibríonn mar theagascóirí agus mar thaispeántóirí do ranganna fochéime. Is ábhar spéisiúil í an tseandálaíocht agus tá gairm bheatha thairbheach le baint aisti. Tá an fás ollmhór atá tagtha ar eacnamaíocht na hÉireann agus a spreag athnuachan uirbeach asus forbairt bóithre nua tar éis deiseanna fostaíochta do sheandálaithe a mhéadú le blianta beaga anuas. Chomh maith leis sin, tá an an méadú sa tsuim ghinearálta sa tseandálaíocht mar ghníomhaíocht fóillíochta le feiceáil sa bhfás leanúnach i dtionscail na hoidhreachta. Bhí rath ar chéimithe na Scoile seo i gcónaí agus iad ar thóir fostaíochta mar sheandálaithe proifisiúnta nó i ngairmeacha eile. Má tá rún agat fanacht linn go mbeidh an BA críochnaithe agat nó níos faide, nó má roghnaíonn tú ábhair eile tar éis na céad bhliana, tá súil againn go mbainfidh tú sásamh as do chuid ama i UCD, agus go mbeidh rath ort go hacadúil agus go pearsanta le linn do thréimhse anseo. Dr Muiris Ó Suilleabháin Ceann na Scoile Scoil na Seandálaíochta UCD