Skip navigation

SEARCH UCD

Advanced Search
 
 

UCD School of Archaeology

Scoil na Seandálaíochta UCD

Cláir Fhochéime: Fáilte

Cén fáth staidéar a dhéanamh ar an tSeandálaíocht? Is ábhar ríspéisiúil í an tseandálaíocht agus tig léi suim agus fiosracht saoil maidir leis an am atá caite a mhúscailt. Faigheann mic léinn seandálaíochta amhairc ar chultúir nach bhfuil ann a thuilleadh agus ar shochaithe a bhí an-difriúil ón sochaí seo againne. Faigheann siad braistint d’éagsúlacht neamhghnách na taithí agus an eolais daonna. Is faoin am i láthair an tseandálaíocht freisin. Is minic a bhaintear úsáid as seanáiteanna agus as seanrudaí mar bhonn d’fhéiniúlachtaí nua-aimseartha agus is iad na hiarsmaí atá ar marthain fócas na ndíospóireachtaí idir caomhantóirí agus forbróirí. Tá tionscail turasóireacht oidhreachta na hÉireann ag brath go mór ar an dul chun cinn a dhéantar sa tseandálaíocht. Deiseanna Is áit chairdiúil í Scoil na Seandálaíochta UCD le bheith i mbun staidéir. Ó thaobh gairm bheatha de, tá fás ollmhór tagtha ar an ábhar ó thaobh na tráchtála de le 10 mbliana anuas agus tá go leor comhlachtaí seandálaíochta á mbunú. Tá earnáil na hoidhreachta ag fás go scioptha freisin, mar atá an turasóireacht chultúrtha. Go deimhin, ní gá duit an tseandálaíocht a roghnú mar ghairm bheatha agus bhain go leor dár gcuid céimithe tairbhe as na scileanna acadúla agus praicticiúla inaistrithe a sholáthraíonn an tseandálaíocht i raon leathan gairmeacha beatha eile. Staidéar ag Leibhéal a hAon Tairgíonn muid ceithre mhodúl sa gcéad bhliain: ARCH1010: Exploring Archaeology ARCH1020: Out of the Distant Past: The Prehistoric World ARCH1030: The Emerging Peoples of Europe:Ireland and Europe from the Iron Age through the Early Middle Ages ARCH1040: Expanding Horizons: Ireland, Europe and Atlantic Worlds, AD 800-1800 Chun blaiseadh a fháil de na hábhair ba mhaith leat a roghnú, féach ar na modúil atá ar fáil ag brath ar an tslí ba mhaith leat a roghnú: Mórábhar Singil Mórábhar le Mionábhar Comh-mhórábhar Mionábhar Íoslódáil ár mbilleog eolais do mhic léinn ionchasacha >>