Identity Statement for RTÉ Scripteanna Chaint Raidió i nGaeilge

  • Reference code: IE UCDA P259
  • Title: RTÉ Scripteanna Chaint Raidió i nGaeilge
  • Dates: 1935–94
  • Level of description: Fonds
  • Extent: 47 bosca
  • Comhthéacs
  • Ábhair agus Struchtúr
  • Coinníollacha ar Rochtain agus Úsáid
  • Ábhair Coibhneasach

Stair Institiúideach

Thosaigh stair chraolacháin na hÉireann an chéad lá Mí Eanáir 1926, nuair a cuireadh tús le turchar ‘2RN’. Bhí sé bunaithe ar thuarascáil an ‘choiste speisialta um chraolachán gan sreang’ (28 Mí an Mhárta 1924), ag moladh go gcruthófaí craoltóir stáit, seachas an margadh a oscailt do chraoltóirí príobháideacha, agus cinntíodh an moladh sin san Acht Radio-Thelegrafaíochta (1926). Ba é Séamus Clandiolúin an chéad Ard-Stiúrthóir. Mar gheall ar staisiún ard-chumhachta nua i mBaile Átha Luain, cuireadh ‘Staisiún Átha Luain’ ar an staisiún i 1933, agus ‘Radio Éireann’ i 1937 (go foirmiúil san Acht um Údarás Chraolacháin, 1960). Tar éis bunú Teilifís Éireann i 1966, ainmníodh ‘Radió Teilifís Éireann’ é, leis an Acht Craolacháin (Leasú), agus ‘Raidió Teilifís Éireann’ i 2009.

Seirbhís dhá-theangach a bhí i gceist acu agus ar ndóigh, chonac baill an Choiste Speisialta 1924 cé chomh húsaideach a bheadh an raidió don teanga náisiúnta. Ba iad na 1950idí an tréimhse is mó craolacháin i nGaeilge (thart ar 8.4% den iomlán). Bhí méid agus ábhar na gcláracha Gaeilge mar chnámh spáirne taobh istigh agus taobh amuigh an staisiúin, agus d’eascraigh Raidió na Gaeltachta (1972) agus Teilifís na Gaeilge (1996) as na díospóireachtaí agus feachtais Gaeltachta éagsúla. Sna céad chláir Gaeilge 2RN agus Radio Éireann, bhí cláir cheoil sa bhreis is leath díobh, agus bhí an fuílleach roinnte i gcainteanna, i ndíospóireachtaí (faoi stair agus béaloideas), agus i ndrámaí. (Tá na drámaí propre sa bhailiúchán P261.) Ba é an tsraith ‘Is Your Irish Rusty?’, scríofa ag Sorcha Ní Ghuairim agus craolta 1944-5, an chéad chlár de chleachtanna foirmiúil teangan.

Tháinig móramh na scripteanna seo ón Oifig Cainte (Oifig Cainte is Foireann-Chlár); tháinig thart ar trian acu ón Oifig na Script-Scríbhneoirí (i.e. Proinsias Ó Conluain), agus is dócha gur tháinig méid beag ábhair ón Oifig Ceoil (‘Music Department’), agus ón Oifig um Pháistí (‘Children’s Department’). D’eascraigh méid beag eile cáipéisí as obair an Stiúideo Chorcaí (ar Ché na nAontachta) nuair a dúnadh an stiúideo ar Ché na hAontachta i 1995.

Cruthaíodh Oifig Cainte sa bhliain 1939. Ceapadh Roibeard Ó Faracháin mar oifigeach, agus é freagrach do chláir i mBéarla agus i nGaeilge. Cuireadh ‘Oifig Cainte is Foireann-Chlár’ (‘Talks and Features’) uirthi i 1945 (athraíodh an Béarla go ‘General Features Office’ i 1947). Ceapadh Ó Faracháin mar leas-Ard-Stiúrthóir Radio Éireann i 1947, agus lean Proinsias Mac Maghnuis é mar Oifigeach Cainte is Foireann-Chlár (1947-65). Is obair choimisiúnaithe ó údair seachtracha sna scripteanna don chuid is mó, agus tá ábhar le breis is 150 údar ann.

Ba ón script-scríbhneoir agus léiritheoir Proinsias Ó Conluain a tháinig breis is trian den ábhar iomlán. Ceapadh é i bpost buan i 1947; sa bhliain chéanna thosaigh obair an Aonaid Taistil ag bailiú ábhar fuaime, agus go háirithe ábhar Gaeilge sna Gaeltachta éagsúla. D’éirigh Ó Conluain as an phost i 1983. Tá comhfhreagras agus ábhar taighde breise dá chuid anseo. 

Is scripteanna cainte (‘radio talk’) agus foireann-chlár (‘features’) an chuid is mó den bhailiúchán seo. Ba chineáil cláir ildánacha agus éagsúla iad, an ‘chaint raidió’ agus an ‘foireann-chlár’: áirítear orthu léachtaí, agallaimh, mion-drámaí, cláir liotúirgeacha, agus cláir faisnéise faoi théamaí áirithe a bhain úsáid as ábhar réamh-thaifeadta (‘scripteanna naisc’/ linking-script), ábhar idir cheol agus agallaimh. Fosta, tá scripteanna ‘nuacht-chainte’, ná saghas news digest pearsanta ag an bheirt scríbhneoirí Conchubhar Ó Ruairc, agus Pádraig Tyers (1950idí- 1960idí). Ní mhaireann comhfhreagras ach le deichniúr scríbhneoirí (as thart ar 150), féach go háirithe Máirtín Ó Cadhain, Pádraig Óg Ó Conaire, Muiris Ó Súilleabháin.

Ar na breis is 150 údar, tá mór-scríbhneoirí, m.sh. Máirtín Ó Cadhain, Séamus Ó Grianna, Liam O’Flaherty, Seán Ó Riordáin; tá béaloideasóirí, m.sh. Seán Ó Súilleabháin; tá daoine rannpháirteacha sa saol polaitiúil an náisiúin nua i dtús an fichiú haois, m.sh. Earnán de Blaghd, Piaras Béaslaí; tá daoine eile a raibh ainm san athbheochan, sa dhrámaíocht, san fhoilsitheoireacht agus mar sin Gaelach acu, m.sh. Proinsias Mac an Bheatha, Tomás Mac Anna, Seán Ó Riada. Seachas Ó Conluain, tá daoine eile fostaithe ag Radió Éireann/ RTÉ a mhaireann corr-script acu, m.sh. Mairéad Ní Ghráda, Proinsias Mac Aonghusa, Seán Mac Réamoinn.

Stair na Cartlainne 

Rinneadh deighilt de réir teangan i gCartlann RTÉ i rith na 1990idí, agus tá bailiúchán chaint raidió i mBéarla ann (P260). Leis an ábhar iomlán, cuireadh méid beag cáipéisí taighde de chuid Phroinsis Uí Chonluain thart ar an bhliain 2000. De réir comhpháirtíochta le RTÉ, tháinig UCD i seilbh ar an chartlann seo i Mí Iúil 2011.

 

Scóp agus Ábhair

Ábhar Liteartha: Gearrscéalta; agallamh beirte agus miondrámaí; aistriúchán de shaothar scríbhneoirí as an Fhrainc, as an Rúis, as Éirinn; 

Ábhar Teagaisc: Cainteanna faoi ábhair éagsúla idir bhéaloideas, stair na hÉireann, an teanga Ghaeilge; ceachtanna Ghaeilge.

Ábhar Bhéaloidis: Meabhráin agus nótaí bailithe ar an láthair; comhfhreagras le bailitheoirí béaloidis.

Cuimhní Cinn: tuairimí agus cuimhní faoi chogadh na Saoirse; saol sa Ghaeltacht. Sraitheanna cláracha raidió: ‘Blás Aniar’/ ‘Litir Aniar’, ‘Conas a dearfá?’, ‘Tráth na gCeist’. 

Ábhar Taighde le Proinsias Ó Conluain: meabhráin, nótaí agus comhfhreagras bailithe le haghaidh chláracha raidió agus a chuid leabhar.

Údar:

Tomás Bairéad, Piaras Béaslaí, Risteárd B. Breathnach, Seán Breathnach, Séamus Daltún, Earnán de Blaghd

Pádraig Denn, Seán de hÓra, Victor de Paor, ‘An Fáinne’, 

Pearse Hutchinson, 

Tomás Luibhéid, 

Dónall Mac Amhlaigh, Proinsias Mac an Bheatha, Tomás Mac Anna, Pádraig Mac an Ultaigh, Séamus Mac Aoidh, Criostóir Mac Aonghusa, Proinsias Mac Aonghusa, Labhrás Mac Brádaigh, Proinsias Mac Cana, Séamus Mac Ciarnáin, Seán Mac Fheorais, Calum I. Mac Ghille Eatháin, Gordon Mac Gill-Fhinnéin, Breandán Mac Giolla Choille, Proinsias Mac Giollarnáth, Seán Mac Giollarnáth, Pádraig Mac Giolla Ruaid, Alf Mac Lochlainn, Seán Mac Maoláin, Tomás Mac Mhuiris Ruaidh, Gearóid Mac Niocaill, Liam Mac Reachtain, Seán Mac Réamoinn, Tomás Mac Síthigh, Antoine Mac Suibhne, Éamonn Mac Suibhne, [Oscar Mac Uilis?], 

Mairéad Ní Ghráda, Máire Ní Ghuairim, Sorcha Ní Ghuairim, Íde Ní Lochlainn, Mairín Ní Mhuirgheasa, 

Tomás Ó hAilín agus Caoimhín Ó Nualláin, Diarmuid Ó hAlmhain, Peadar Ó hAnnracháin, Micheál Ó hAodha, Conn Ó Briain, Liam Ó Briain, Leon Ó Broin,Breandán Ó Buachalla, Máirtín Ó CadhainCormac Ó Cadhlaigh, Tomás Ó Catháin, Seán Ó Ceallaigh, Donnchadh Ó Céileachair, Séamus Ó Céilleachair, Seán Ó Ciarghusa, Seán Ó Ciosáin, Tomás Ó Cofaigh, Séamus Ó Coigligh, Tadhg Ó Coincheannain, Pádraig Óg Ó Conaire, Caoimhín Ó Conghaile, Seán Ó Conghaile, Proinsias Ó Conluain, Liam Ó Connacháin, Seán Ó Cróinín, Brian Ó Cuív, Pádraig Ó Dálaigh, Máirtín Ó Direáin, Pádraig Ó Domhnaill, Peadar N. Ó Domhnaill, Eoghan Ó Domhnaill, Dhonnchaidh, Pádraig Ó Domhnalláin, Niall Ó Dónaill, Diarmuid Ó Drisceoil, Brian Ó Dubhda, Domhnall Ó Dubhda, Aodh Ó Duibheanaigh, Seosamh Ó Duibhginn, Seán Ó hÉarlí, Cathal Ó hÉideáin, Seán Ó Faoláin, Roibeárd Ó Faracháin, Pádraig Ó Fiaich, Tomás Ó Fiaich, Brian Ó Fianachta, Pádraig Ó Finneadha, Liam Ó Flaithearta, Domhnall Ó Flannagáin, Micheál Ó Flanagáin, Criostóir Ó Floinn, Tomás Ó Floinn, Aindrias Ó Gallchobhair, Piaras Ó Gaora, Risteárd Ó Glaisne, Eoghan Ó Grádaigh, Séamus Ó Grianna (‘Máire’), Cathal Ó Griofa, Seán Ó Grogáin , Seosamh Ó Hileaird, Tomás Ó Laighin, [?] Ó Leathluir, Seán Ó Leocháin, Anraí Ó Liatháin, Seán Ó Luing, Séamus Ó Mainnín, Seán Ó Maolbhrighde, Caoimhín Ó Marcaigh, Pádraig Ó Méalóid, Aindrias Ó Muimhneacháin, Diarmuid Ó Muirithe, Seán Ó Mulláin, Pádraig Ó Neachtain, Séamus Ó Néill, Caoimhín Ó Nualláin, Gearóid Ó Nualláin, Pádraig Ó Nuatáin, Micheál S. Ó hÓdhráin, Tadhg Ó Rábhartaigh, Tomás Ó Raghallaigh, Seán Ó Riada, Breandán Ó Riain, Liam Ó Riain, Seán P. Ó Riain, Breandán Ó Ríordáin, Dominic Ó Ríordáin, Seán Ó Ríordáin, Conchubhair Ó Ruairc, Frainc Ó Sé (Niall Tóibín) , Muircheartach Ó Séaghda, Conchobhar Ó Síothcháin, Eoghan Ó Súilleabháin, Muiris Ó Súilleabháin, Seán Ó Súilleabháin, Aodh Ó Tuama, Diarmuid Ó Tuama, Seán Ó Tuama, Seán Óg Ó Tuama, Daithí Ó hUaithne, Breandán Ó hUallacháin, Tarlach Ó hUid, Seán Ó hUrmoltaigh, 

Mainchín Seoighe, Gearóid Stockman, 

Nioclás Tóibín, Seán Tóibín, Tomás Tóibín, Pádraig Tyers, 

Pádraig Ua Cianáin, Pádraig Ua Maoileoin.

Rochtain: Tá gá le ticéad léitheora de chuid UCDA; tá sé riachtanach coinne a dhéanamh. Tá an t-ábhar le fáil ar mhionscannán amháin.
Teanga: Gaeilge, méid beag Béarla
Cabhair Aimsithe: Descriptive catalogue

Páipéirí de chuid Earnáin de Blaghd IE UCDA P24

Páipéirí de chuid Sheáin Uí Ríordáin í Sainchnuasaigh, Leabharlann James Joyce

Bhí Seán Ó Súilleabháin, agus líon mór script-scribhneoirí atá le fáil anseo, bainteach leis na Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CO BÁC)

Maireann roinnt bheag taifid fuaime de chláir ráidió Ábhair coibhneasach sa Chartlann Raidió RTÉ

Nóta faoi Fhoilseacháin

Maurice Gorham. Forty Years of Irish Broadcasting (Dublin, 1967).

Iarfhlaith Watson. Broadcasting in Irish (Dublin, 2003).

Top