Skip navigation

Cuardaigh UCD

 
 
 
Facebook Twitter
 

Bord na Gaeilge UCD

Alumni Theach na Gaeilge - logo

Gréasán Alumni

Tá gréasán Alumni á fhorbairt ag Bord na Gaeilge d'iarchónaitheoirí Theach na Gaeilge. Beidh tuilleadh le léamh faoi seo go luath.

Déan teagmháil linn ar Facebook idir an dá linn:  Alumni Theach na Gaeilge

 

Scéalta Alumni

Nuachtlitir Alumni.jpg

 

Ceiliúradh 15 Bhliain Theach na Gaeilge
Dé Sathairn, 28 Márta 2015

Bhí Coisir Mhór do Alumni an Tí ar siúl sa Chlubtheach ar champas Belfield ar an Satharn, 28 Márta 2015. Bhí mic léinn agus iar-mhic léinn scoláireachta mar aon le cairde an tí, baill an Chumainn Ghaelaigh agus iar-mhic léinn le Gaeilge ón dtréimhse 2000-2015, i láthair ag an ócáid lán-Ghaeilge seo.

Bhí deis ag daoine:

· Freastal ar oíche spraíúil neamhfhoirmiúil sa Chlubtheach le ceol beo ón mbanna Mo Hat mo Geansaí agus ceoltóirí Theach na Gaeilge. 

· Buaileadh le seanchairde agus cairde nua agus aithne a chur ar dhaoine le Gaeilge ó réimse leathan de ghairmeacha in Éirinn agus thar lear

· Tacaíocht a thabhairt do charthanacht. Bhí costas €10 ar thicéad do mhic léinn agus d’iar-mhic léinn scoláireachta Theach na Gaeilge agus costas €15 ar gach ticéad eile. Chuaigh an t-airgead seo d’Fhondúireacht an Ath. Peter McVerry.

   

 

Ag Cóisir Alumni Theach na Gaeilge, 28 Márta 2015

Seoladh "Ceiliúradh 15 Bhliain", 5 Feabhra 2015

Teach na Gaeilge 2000 - 2015

Teach na Gaeilge 2008/09: Aodhán Ó Dea, Dónal Ó hAnrachtaigh, Eoin Ó Murchú, Andy Ó Faoláin, Brian Ó Monacháin agus Eoghan Ó Braonáin