Cnuasach Lámhscríbhinne Bailiúchán na Scol

Is cnuasach é seo a bhaineann leis na blianta 1937-39, atá mar thoradh ar thionscadal bailithe nuálach a bhainistigh Coimisiún Béaloideasa Éireann, i gcomhpháirt le Roinn an Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann.

Bhailigh leanaí scoile sinsearacha 750,000 leathanach de stair áitiúil agus traidisiún béil ó 26 contae an tSaorstáit, gníomh nár cuireadh a leithéid i gcrích riamh roimhe. De bhreis air sin, caomhnaíodh 18,000 de bhunchóipleabhair na leanaí. Tá cuid mhaith den ábhar seo ar fáil anois trí thairseach ar líne CBÉ, www.duchas.ie.

Iarann muid ar chuairteoirí dul i dteagmháil linn sa chéad dul síos le coinne a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an gCnuasach.

‘Local Cures’, Bailiúchán na Scol
Cóipleabhair as Báiliúchán na Scol
Cóipleabhair as Báiliúchán na Scol
 TOP