Ceol Tuaithe na hÉireann

I 1974, d’aistrigh an Roinn Oideachais an cnuasach ollmhór ceoil agus amhrán a thiomsaigh Breandán Breathnach, nach maireann, chuig an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cruthaíodh Rannóg an Cheoil Tuaithe mar chuid de Roinn Bhéaloideas Éireann mar thoradh ar sin. Tá roinnt cnuasach eile ceoil agus amhrán ag Rannóg an Cheoil a bhí tiomsaithe ag Coimisiún Béaloideasa Éireann. Chuir obair an tsainbhailitheora cheoil agus amhránaíochta, Tom Munnelly, in éineacht le baill eile de Roinn Bhéaloideas Éireann, go suntasach le raon agus téagar an cheoil tuaithe agus an ábhar amhránaíochta thaifeadta ó na 1970idí i leith.

Chomh maith le taifeadtaí fuaime, coimeádtar cnuasach mór lámhscríbhinní agus leabhar a dhéileálann le beagnach gach gné den cheol, den amhránaíocht agus den damhsa i Rannóg an Cheoil. Ar na cinn is suimiúla díbh sin, áirítear sraith leabhar amhrán i mBéarla, cuid acu a foilsíodh san 18ú céad, chomh maith le cnuasach tábhachtach bailéad mórbhileoige.

Áirítear sa chnuasach fosta, céad eagráin de mhórshaothair a bhaineann le ceol agus damhsa le Edward Bunting, George Petrie, agus Francis O’Neill; deascáin iomlána de pháipéir scoláirí agus bailitheoirí ceoil, daoine mar Fhionán Mac Coluim agus Dónall Ó Súilleabháin; mar aon le cnuasach mór taifeadtaí a eisíodh go tráchtála, a bhaineann go príomha le ceol traidisiúnta, ceirníní 78 rpm, fadchéirníní, caiséid agus dlúthdhioscaí.

Iarann muid ar chuairteoirí dul i dteagmháil linn sa chéad dul síos le coinne a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an gCnuasach.

 TOP