AN CNUASACH CARTLAINNE FUAIME AGUS FÍSE

Cuimsíonn taifeadtaí fuaime a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann agus a comharba tuairim is 12,000 uair an chloig, ina measc sin fiteáin céarach, dioscaí aicéatáite, chomh maith le taifeadtaí ar shreang agus ar théip mhaighnéadach, agus cnuasach beag scannán 16mm.

Baineann an t-ábhar fuaime agus físe seo le gnéithe éagsúla de bhéaloideas na hÉireann, ceol tíre, cultúr ábhartha agus stairsheanchas. Is i nGaeilge agus Béarla atá formhór de na taifeadtaí, ach tá roinnt ábhar i nGaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann agus sa Bhriotáinis ar fáil chomh maith. Tá an cnuasach seo ag méadú mar thoradh ar obair pháirce agus bronntanais de sheanthaifeadtaí ón bpobal.

AN TIONSCADAL BÉALOIDIS UIRBIGH

Ba nuálach agus ba thráthúil an fiontar é an Tionscadal Béaloidis Uirbigh, tionscadal ar thug Roinn Bhéaloideas Éireann faoi, a chaomhnaíonn taifead fuaime luachmhar ar bhéaloideas agus stair shóisialta Bhaile Átha Cliath. Idir mí Dheireadh Fómhair 1979 agus mí na Nollag 1980 chuir foireann faoi threoir céimithe ó Roinn Bhéaloideas Éireann breis is 700 agallamh ar fhir agus mná as Baile Átha Cliath. Rinneadh na hagallaimh sin a thras-scríobh go cáiréiseach agus is i bhfoirm 75 imleabhar lámhscríbhinne faoi chumhdach crua i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, BÁC atá siad anois. Chun blaiseadh a fháil d’agallaimh a bhaineann le hÉirí Amach 1916, féach www.ucd.ie/folklore/1916.

Iarann muid ar chuairteoirí dul i dteagmháil linn sa chéad dul síos le coinne a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an gCnuasach.

 TOP