Stair Cnuasach Bhéaloideas Éireann

‘Do choinnigh ár seacht sinnsear romhainn na scéalta so, agus na céadta eile aca nár cruinnigheadh riamh, ní foláir, beo cois teallaigh ó céad-chumadh iad nó ón am do tugadh isteach sa tír an chuid is iasacht díobh’.

Seán Ó Súilleabháin, Scéalta Cráibhtheacha (1952)

Bhí cuid mhaith den ábhar atá anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann cruinnithe ag réamhtheachtaithe an Chnuasaigh – Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-1935), Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971), agus Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1971-2005). Ó 2015 i leith tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann á riaradh faoi chúram Leabharlann na hOllscoile. Áirítear ann freisin ábhar béaloidis a thug an Cumann le Béaloideas Éireann (1926- ) ar láimh, cumann a bhfuil dlúthghaol aige le Cnuasach Bhéaloideas Éireann.

Na taifeadtaí fuaime agus scannáin sin, na lámhscríbhinní agus an t-ábhar clóite gann atá sa Chnuasach, is iomaí gné de shaothar agus d’iompar an chine dhaonna a chuimsíonn siad, idir an cultúr ábhartha, an litríocht bhéil, chúrsaí teanga agus na hEalaíona. Agus iarrachtaí córasacha na scoláirí Lochlannacha a gcuid béaloidis agus staire cultúrtha féin a bhreacadh i luathbhlianta an fhichiú chéid mar spreagadh agus mar eiseamláir acu, d’oibrigh an Coimisiún go cáiréiseach, díograiseach chun an traidisiún a dhoiciméadú tráth a raibh an Ghaeilge ag meathlú go mear, sular thosaigh na múnlaí is na nósanna cultúrtha seanbhunaithe ag cúlú roimh thionchar an uirbithe agus an tionsclaithe.

Tá leabhair, tréimhseacháin agus seach-chlónna a bhaineann le béaloideas agus eitneolaíocht na hÉireann, agus le réimsí comparáideacha chomh maith, le fáil sa tsainleabharlann. Cuideoidh na háiseanna aimsithe le taighdeoirí teacht ar fhaisnéis faoi ábhar ar leith, nó ábhar a chuir aon duine de na mílte scéalaí, bailitheoirí nó comhfhreagraí leis an gcnuasach i rith na mblianta. Tá réimse ábhair ón gCnuasach ar fáil ag www.duchas.ie agus ag digital.ucd.ie.

 TOP