Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Lárionad de Bhaldraithe

Lárionad de Bhaldraithe um Léann na Gaeilge

Bunaíodh Lárionad de Bhaldraithe um Léann na Gaeilge mar chuid de Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta - mar a bhí ar an Scoil - sa bhliain 2008 chun freastal agus forbairt a dhéanamh ar réimsí nuálacha seo na Nua-Ghaeilge: na meáin Ghaeilge agus iriseoireacht, eagarthóireacht/cóipeagarthóireacht, riarachán, aistriúchán dlíthiúil trí mheán na Gaeilge, ateangaireacht, agus aistriúchán.

Dírítear go príomha fosta ar chruinneas teanga mar aon le cúrsaí teanga, critice agus anailíse le mic léinn a ullmhú do phoist éagsúla na Gaeilge san aonú haois is fiche idir aistritheoirí, chóipeagarthóirí, agus dhlítheangeolaithe in Éirinn agus san Aontas Eorpach, agus mhúinteoirí Gaeilge in Éirinn, agus ar fud an domhain faoi scéimeanna Fulbright agus ICUF. 

Baineann na réimsí seo le straitéis teagaisc an Lárionad a forbraíodh ar an MA / Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid. Taobh leis seo tugtar faoi thaighde leanúnach sa Nua-Ghaeilge mar chuid de thaighde Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, agus fócas ar leith ar shainscileanna teanga sna réimsí a luadh cheana.

Tá an tsraith Ó Thrácht go Twitter á reáchtáil ag an Lárionad ón mbliain 2013 i leith. Is féidir éisteach le cuid de na léachtaí a tugadh mar chuid den tsraith seo ar an leathanach Sraitheanna Reatha Léachtaí agus Seimineár.

Is é an tOllamh Cúnta Cathal Billings Stiúrthóir Lárionad de Bhaldraithe.