Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Nuacht agus Cartlann

Féach Siar ar Nuacht agus Imeachtaí na Scoile

Féach siar ar ár gcuid nuachta ó bhliain go chéile agus éist leis na léachtaí a ndearnadh taifeadadh orthu.

Nuacht

  • D'imigh ár gcomhghleacaithe an tOllamh Comhlach Bairbre Ní Fhloinn agus an Dr Críostóir Mac Cárthaigh ar scor sa bhliain 2023. Thosaigh an Dr Fintan Keegan linn ina ról mar léachtóir le Nua-Ghaeilge.
  • Cuirfear tús leis an B.Oid. le Gaeilge. (Meán Fómhair)
  • Reáchtálfaidh ár dTeicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy agus David Jennings ó Theagasc agus Foghlaim UCD imeacht idirnáisiúnta Erasmus+ ar champas UCD faoi scáth an tionscadail Hybrid-e. Eolas agus clárú. (21 Lúnasa)
  • Tháinig mic léinn chugainn ón Astráil, ón Eoraip agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá le páirt a ghlacadh inár gClár Samhraidh sa Léann Éireannach. (Meitheamh)
  • Thug Teicneolaí Oideachais na Scoile Eoin Mc Evoy cuairt ar KTH Stócólm mar chuid den tionscadal Erasmus+ Hybrid-e. (Meitheamh)
  • Reáchtáil an tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil an dara Lá Taighde do bhaill na Scoile, idir an fhoireann agus na scoláirí iarchéime. (Meitheamh)
  • Thug Teicneolaí Oideachais na Scoile Eoin Mc Evoy cuairt ar Ollscoil Aristotle Thessaloniki mar chuid den tionscadal Erasmus+ Hybrid-e. (Márta)
  • Reáchtáil grúpa taighde YEELP comhdháil idirnáisiúnta ar líne dar teideal 
  • Page, Stage, and Everything In-Between: Youth Theatre and Performance in Regional, Minority, and Minoritised Languages. (Márta)
  • Reáchtáil an comharghrúpa LADTA+ AerachAiteachGaelach ceardlann do Sheachtain na Gaeilge i gcomhar leis an Scoil inar labhair Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn leis an ngrúpa maidir le húrscéalta do dhaoine óga. (Márta)
  • Thug toscairí ó rialtas Leipzig cuairt ar an Scoil agus iad ag iarraidh na naisc chultúrtha idir an Ghearmáin agus Éire a neartú. (Feabhra)
  • Thosaigh an file agus an drámadóir Ciara Ní É leis an Scoil mar Ealaíontóir Cónaitheach. (Eanáir)

Nuacht

  • Thosaigh an Dr Máire Nic Cathmhaoil linn ina ról mar Léachtóir leis an Nua-Ghaeilge.
  • Bhronn an Chomhairle um Thaighde in Éirinn Laureate Starter Granter ar an Ollamh Cúnta Fangzhe Qiu (Deireadh Fómhair)
  • Foilsíodh leabhar nua leis an Ollamh Comhlach Ríona Nic Congáil, An Athbheochan agus an Óige (Cló Léann na Gaeilge 2022). (Meán Fómhair)
  • Ceapadh an tOllamh Regina Uí Chollatáin ina Príomhoide ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí (Iúil)
  • Comhthoghadh ár dTeicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy ar an tionscadal Erasmus (opens in a new window)Hybrid-e, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí thréimhse Covid ar an teagasc ag an tríú leibhéal agus acmhainnía bhailiú a bhaineann leis an bhfoghlaim le cuidiú na teicneolaíochta (Iúil)
  • Chuir an tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil agus Coiste Taighde na Scoile tús le Lá Taighde na Scoile (Meitheamh)
  • Reáchtáil an Dr Darragh Gannon ár gcéad Scoil Samhraidh sa Léann Éireannach do neacha léinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Cheanada. (Meitheamh) 
  • Bhronn New York University Comhaltacht Chónaitheach Taighde Uí Mháille ar an Dr Darragh Gannon. (Aibreán)
  • Bhronn Institut d'Estudis Catalans agus Fondúireacht Mercè Rodoreda duais taighde ar an Dr Riocárd Ó hOddail (YEELP) a chuirfidh ar a chumas staidéar a dhéanamh ar scríbhneoirí óga aeracha na Catalóinise idir bhás Franco agus seoladh an bhunreachta nua. (Aibreán)
  • Reachtáil foireann YEELP comhdháil fhíorúil idirnáisiúnta a dhírigh ar an gcaidreamh idir daoine óga agus mionteangacha agus teangacha réigiúnacha Eorpacha. (Márta)

Nuacht

Nuacht

  • D'imigh ár gcomhghleacaithe an tOllamh Máire Ní Annracháin agus an Dr Dewi Evans ar scor sa bhliain 2020.
  • Thosaigh an Dr Tiber Falzett linn ina ról mar Léachtóir le Béaloideas, thosaigh Donncha Ó Murchú linn mar Stiúrthóir ar an Teanglann [Eatramhach] agus thosaigh an Dr Fangzhe Qiu linn mar Chomhalta Ad Astra agus léachtóir leis an tSean-Ghaeilge.
  • Bhronn Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí Gradam Sármhaitheasa don Teagasc ar ár dTeicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy (Nollaig)
  • Bhronn an Chomhairle um Thaighde in Éirinn €91,970 ar an Ollamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail agus an Dr Ciaran McDonough as a dtionscadal Antiquarianism, Politics and Sectarianism in Nineteenth-Century Ireland: A study of Ancient Laws and Institutes of Ireland (1852-1901). (Samhain)
  • Rinneadh Ollamh Comhlach den Dr Bairbre Ní Fhloinn. (Samhain)
  • Reáchtáil an Dr Cathal Billings i Lárionad de Bhaldraithe agus an Coimisiún Eorpach ceardlanna aistriúcháin ar líne do dhaltaí meánscoile. (Samhain)
  • Reáchtáil an Scoil comhdháil mhór ar líne ar son Chumann Mhic Léinn na Ceiltise in Éirinn agus sa Bhreatain. Ba iad baill an choiste áitiúil: Comhalta Teagaisc na Scoile Stiofán Ó Briain (Cathaoirleach), Ailbe van der Heide, Allison Galbari, Fiona Lyons, Katie Whelan agus ár dTeicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy. (Deireadh Fómhair)
  • Seoladh Destination Ireland, cúrsa úrnua ar líne do mhic léinn idirnáisiúnta atá ag teacht go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ba iad Ceann Léann na hÉireann, an Dr Aoife Whelan, agus ár dTeicneolaí Oideachais, Eoin Mc Evoy, a dhear agus a thóg an cúrsa ar son Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí. (Lúnasa)
  • Dúnadh an campas de dheasca Covid-19 agus chuaigh an fhoireann ar fad i mbun oibre chun ár gcuid teagaisc, riarachán na Scoile agus an measúnú a bhogadh ar líne don chuid eile den téarma. (Márta-Nollaig)
  • D'fhreastail mic léinn an Dara Bliain agus an Tríú Bliain ar an gCúrsa Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Carna agus Baile na nGall, cúrsa bliantúil a eagraíonn Stiúrthóir na Teanglainne, Eimhear Ní Dhuinn. (Márta)
  • Sheol Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí an gréasán taighde 'Éire sa Domhan | Ireland in the World' agus ghlac an Scoil ról stiúrtha air. (Eanáir)
  • Ceapadh Ceann na Scoile, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, i gCathaoir na Nua-Ghaeilge. (Eanáir)

Nuacht

  • Thosaigh an tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil, taighdeoir ERC agus léachtóir, linn sa Scoil. Ghlac Stiofán Ó Briain an ról mar Chomhalta Teagaisc (Nua-Ghaeilge) i ndiaidh Shíle Dolan.
  • Chuir an Scoil fáilte roimh dhaltaí meánscoile chuig an Seimineár Lae. (Nollaig)
  • Bhronn an Chomhairle um Thaighde san Eoraip (ERC) deontas substaintiúil ar an Dr Ríona Nic Congáil (luach €1,272,260) le tabhairt faoi thionscnamh taighde idirdhisciplíneach dar teideal “Youth Engagement in European Language Preservation, 1900-2020”. Beidh an tionscadal lonnaithe anseo i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD. (Meán Fómhair)
  • Cuireadh an t-athchóiriú ar oifigí Bhloc B, an Seomra Caidrimh agus an Teanglann i gcrích. (Meitheamh)
  • Thug ár dTeicneolaí Oideachais, Eoin Mc Evoy, cuairt ar Ivane Javakhishvili Tbilisi State University sa tSeoirsia, áit ar thug sé ceardlanna ar an teicneolaíocht oideachais agus léachtaí agus ranganna ar an nGaeilge do mhic léinn Sheoirseacha agus Asaracha mar chuid de scéim Erasmus+. (Meitheamh)
  • Ghlac an Scoil páirt i bhFéile UCD. (Meitheamh)
  • Bhronn an tOllamh Sture Ureland ó Ollscoil Mannheim aircív ábhar dar teideal ‘The Irish and English of Connemara Gaeltacht School-Children in 1986-88‘ ar an Scoil agus cuireadh i gcoimeád í i gCartlann na gCanúintí i Sainchnuasaigh UCD/UCD Special Collections. Mar chuid dá thionscadal Eurolinguistic Research on Minority Languages a bailíodh an t-ábhar. (Aibreán)
  • Chuaigh ár gcuid mac léinn ó Bhliain 2 agus Bliain 3 go Ciarraí, Gaillimh agus Tír Chonaill chun freastal ar an gCúrsa Gaeltachta. (Márta)
  • Bronnadh Comhaltacht Newman O'Donnell sa Léann Éireannach 2019 ar Cheann na Scoile an tOllamh Regina Uí Chollatáin le taisteal go St Mary's College agus Newman College in Ollscoil Melbourne, an Astráil. (Eanáir-Feabhra 2019)


Public Lectures in 2019

Each link in this section will take you to a lecture recording at Cultúr@UCD, our School's Soundcloud account.

  • Celtic Studies lectures
    • Charles Doherty ‘The Viking mounds at Jelling and ancient Irish kingship’ (April)

    • Kevin Whelan ‘The impact of Christianity on the Irish landscape in the Early Medieval period.’ (March)

  • Graduate Seminar in Irish Folklore (Series)
    • Peter Browne ‘Tuning the Radio’: the close connections between traditional music and radio in Ireland. (April)
    • Michael Fortune ‘The Process and Tools used to Collect and Share Folklore in Contemporary Ireland.’ (March
    • Alan McLeod ‘Documenting tradition in a north Dublin fishing community: Alan McLeod’s ‘Perils and pearls’ and Globby Wore Sea Chart.’ (February)
    • Ellie Nic Fhionnghaile ‘Athbheochan Traidisiún Fidil Dhún nan Gall 1980-2018’ (January)
    • Jim Ledwith ‘The Mind of the Masked: masking in Irish folk tradition.’ (January)
  • Irish Studies in a Global Context (Series)
    • Dr James O’Donnell 'News agencies and reporting the Irish Revolution: a case from the West' (February)
  • Ó Thrácht go Twitter (Series)
    • Dr Deirdre Nic Mhathúna ‘Filíocht Phiarais Feiritéar: Ó dhúchas go daonnachas’ (April)
    • Aoife Ní Ghloinn ‘B2 or not B2? Sin í an cheist! An Fráma Tagartha Comónta Eorpach (CEFR) agus Measúnú na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal.’ (February)

  • School Research Seminar (Series)
    • Dr Roisin McLaughlin ‘Heads and Tails: Marginalia in TCD MS H 2.15B’ & Dr Cathal Billings ‘Cúis na hÉireann agus Tír Kruger’ (March)
  • Other talks
    • Prof. Pádraig Ó Siadhail 'Seán Breanach (1891-1967): Gael, Jew and ‘White’. From Ireland’s Irish-Language Revival to Apartheid-Era South Africa.' (May)

Nuacht

  • Cuireadh an Seimineár Lae ar siúl do dhaltaí meánscoile. (Nollaig)
  • Seoladh an taispeántas Seoda Scripte arna chur le chéile ag an Ollamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail. (Samhain)
  • Eagraíodh comhdháil ilteangach lae ar an aistriúchán liteartha dar teideal 'Doras isteach don domhan'. (Deireadh Fómhair)
  • Cuireadh leabhar an Dr Bairbre Ní Fhloinn (opens in a new window)Cold Iron: Aspects of the occupational lore of Irish fishermen ar an ngearrliosta don Katherine Briggs Folklore Award 2018. (Deireadh Fómhair)
  • Ba onóir mhór é don Scoil nuair a tháinig Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ar cuairt chuig an Scoil chun Léacht De hÍde a thabhairt, an chéad léacht sa tsraith bhliantúil. (Meán Fómhair)

  • Seoladh Scoil Samhraidh Ghaeilge agus Ealaíne UCD. (Iúil)
  • Osclaíodh an taispeántas Seoda Scripte arna chur le chéile ag an Ollamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail i Sainchnuasaigh UCD. (Meitheamh)
  • Cuireadh athchóiriú oifigí Bhloc A i gcrích. (Meitheamh)
  • Ghlac ár Scoil páirt in imeachtaí Fhéile UCD. (Meitheamh)
  • Rinneadh Ollamh de Cheann na Scoile Regina Uí Chollatáin. (Bealtaine)
  • Chuaigh mic léinn an Dara agus an Tríú Bliain go Gaillimh agus go Ciarraí, go Tír Chonaill dá gCúrsa Gaeltachta. (Márta)
  • Seoladh Seimineár Taighde na Scoile. (Feabhra)

  • Seoladh an tsraith (opens in a new window)#Gaeilge365 do Bhliain na Gaeilge. Foilsíodh físeán amháin in aghaidh an lae ó cheann ceann na bliana. (Eanáir-Nollaig)


Léachtaí Poiblí 2018

Tógfaidh gach nasc thíos chuig Cultúr@UCD thú le gur féidir leat éisteacht leis an léacht.

Nuacht


Léachtaí Poiblí 2017

  • Léacht sa Léann Ceilteach
    • An tOllamh Neil Pierce (Uppsala Universitet): Viking Warrior Women? - Reassessing Birka Chamber Grave BJ.581 and its implications (Samhain)
  • Seimineár Iarchéime i mBéaloideas Éireann (Sraith)
    • Merlo Kelly, MA (UCD): Fínis: A survey of an island (Samhain)
    • Dr Aoife Granville (UCC): An Dreoilín: Traidisiún, Ceol & Féiniúlacht Phobail i nDaingean Uí Chúis (Samhain)
    • Dr Gearóid Ó Crualaoich (UCC Emeritus)Towards an understanding of the ethno-poetic nature of traditional narration (Deireadh Fómhair)
    • Dr Fred Freeman (RCS Glasgow): Hamish Henderson: A New Voice on 'The Carrying Stream' (Deireadh Fómhair)
    • Dr Seán O'Connell (Queen's University Belfast): Interpreting nostalgia: memory and working class communities in Belfast (Meán Fómhair)
    • Fionnán MacGabhann (UCD): The Skellig Lists: Shrovetide ballads and rhymes from the south of Ireland (Aibreán)
    • Dr Mícheál Briody (Language Centre, University of Helsinki): Social Aspects of the Buaile (transhumance) in Ireland and Gaelic Scotland, with emphasis on women's tradition (Márta)
    • Elsa Ósk Alfreðsdóttir, MA (University of Iceland): 'Dwelling in the Roots’: Herbal medicine traditions in Iceland (Feabhra)
    • Jane Nolan (Maps & GIS Librarian, UCD Library): Visualising your Research with Maps (Eanáir)

Nuacht

  • Tagann mic léinn dara leibhéal chugainn dár Seimineár Lae bliantúil (Nollaig)
  • Déanann an Scoil ceiliúradh ar 10 mbliana den MA Scríobh agus Cumarsáid. Tagann ár gcuid iarmhic léinn ónár gcuid cúrsaí iarchéime go léir ar ais d'oíche filíochta agus ceiliúrtha. (Samhain)
  • Seolann mic léinn na Nua-Ghaeilge (opens in a new window)eagrán 2014-5 de Nua-Aoisiris liteartha na mac léinn in UCD. (Samhain)
  • Cuirtear Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta ar siúl in Institiúid na nDaonnachtaí UCD. (Samhain)
  • Osclaítear (opens in a new window)taispeántas buan dátheangach ar Éirí Amach 1916 in Ard-Oifig an Phoist. An Dr Cathal Billings a chuir an t-aistriúchán ar fáil don taispeántas. (Márta)
  • Tugann mic léinn an dara agus an tríú bliain cuairt ar Ghaillimh agus ar Chiarraí dá gCúrsa Gaeltachta. (Márta)
  • Déanann an chomhdháil dhátheangach Torthaí na Réabhlóide iniúchadh ar thionchar Thréimhse na Réabhlóide 1913-1923. (Feabhra)
  • Osclaítear taispeántas nua sa Scoil ar théama na hAthbheochana. (Feabhra)
  • Athchóiriú ar an Seomra Caidrimh críochnaithe. Seoladh an tSeomra Chaidrimh. (Feabhra)

Léachtaí Poiblí 2016

Tógfaidh gach nasc thíos chuig Cultúr@UCD thú le gur féidir leat éisteacht leis an léacht.

  • Léacht Almqvist (Léacht Bhliantúil)
    • An tOllamh Maureen Murphy (Hofstra University, NY): 'I haven't been that far, but I've been to America'. (Samhain)
  • Ó Thrácht go Twitter (Sraith)
    • An Dr Diarmuid Ó Sé: Caighdeán, téarmaíocht agus dúchas (Aibreán)
    • An Dr Éilis Ní Dhuibhne: Is binn peann ina thost: guth na mban i bhficsean na Gaeilge (Feabhra)

 

Nuacht


Léachtaí Poiblí 2015

  • Léacht Uí Chadhain (Léacht Bhliantúil) 
    • Peadar Ó Riada: Fuaimeint Gaeil (Deireadh Fómhair)

  • Léann na Teanga (Sraith)
    • Dónall Ó Braonáin, MA (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUIG): Teanga na Reitrice in iriseoireacht Uí Chadhain (Márta)
    • An Dr Peadar Ó Muircheartaigh (NUIM): Sochtheangeolaíocht stairiúil na Gaeilge? (Márta)
    • An Dr Máire Ní Chiosáin (UCD): Caol agus leathan: sonrú na ndifríochtaí (February)

Seacht mBua an Éirí Amach - póstaer 2015-16

  • Ó Thrácht go Twitter (Sraith)
    • An Dr Roisín McLaughlin (UCD): Ó lámhscríbhinní go heagráin: roinnt dánta Luath-Ghaeilge (Samhain)
    • An tOllamh Nicholas Williams (UCD, Emeritus): Ó Bhéarla go Gaeilge (Aibreán)
    • Pádraig Ó Cíobháin (NUIG): An Sean á ghabháil sa Nua: Nua-Éachtaint ar an Litríocht Luath-Mheánaoiseach (Feabhra)