Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Sraitheanna Léachtaí agus Seimineár

Léachtaí Bliantúla

Reachtáiltear ceithre léacht bhliantúla i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar atá:

Ainmníodh Léacht de hÍde as Dubhghlas de hÍde, an chéad uachtarán agus comhbhunaitheoir ar Chonradh na Gaeilge (1893), an chéad Ollamh le Gaeilge in UCD (1909) agus an chéad Uachtarán ar Éirinn (1938). Is é téama na léachta seo ná "Ceannairí agus an Léann", téama a leagann béim ar cheannairí i sochaí na hÉireann a thuig luach chultúr na hÉireann, na Gaeilge, na litríochta agus na scoláireachta. Léacht bhliantúil is ea í seo a reachtáiltear in UCD i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann.

Léacht de hÍde

Léacht 2019

Ba é an tOllamh Liam Mac Mathúna (UCD) a thug Léacht de hÍde 2019. 

 

Léacht 2018

Ba é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thug an léacht tionscnaimh dhátheangach sa bhliain 2018: 'Oidhreaht Dhubhghlas de hÍde'.

Bhí Nuala Sealy (gariníon le Dubhghlas de hÍde) i láthair ag an léacht tionscnaimh, rud a d'fhág go raibh gariníon an chéad Uachtaráin agus Uachtarán reatha na hÉireann i dteannta a chéile ag an ócáid - beirt a thuigeann an saibhreas a bhaineann le hoidhreacht agus cultúr na Gaeilge agus UCD. 

Cuireadh tús le Léacht Uí Chadhain sa bhliain 1980. Ainmníodh an léacht in ómós don údar clúiteach agus an gníomhaí pobail Máirtín Ó Cadhain agus í mar sprioc aici iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht liteartha Uí Chadhain agus ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi Mháirtín Ó Cadhain ag (opens in a new window)máirtínócadhain.ie

Liosta na Léachtaí 1980-Inniu

Is féidir teacht ar thaifeadtaí na léachtaí ó 2016 i leith ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, nó na taifeadtaí a chur ar siúl díreach anseo trí chliceáil ar an gcnaipe oráiste thíos faoi theideal na léachta. Más spéis leat éisteacht leis na léachtaí a tugadh roimh 2016, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Ionad Ilmheán na Teanglainne le teacht ar na taifeadtaí sin. Ní dhearnadh taifeadadh gach bliain ach tá an chuid is mó de na léachtaí ann.

Year Speaker Lecture title
2022 (opens in a new window)An tOllamh Ríonach uí Ógáin

Idir Mé agus an Páipéar

2021 Cathal Goan

Ceacht ón Bhóitheach

2020 (opens in a new window)An tOllamh Fionntán de Brún

Maighréad Nic Mhaicín, an Cadhnach agus comaoin an Domhain Thoir

2019  (opens in a new window)An Dr Liam Mac Amhlaigh 

'Tá na coiscéimeanna tar éis filleadh arís': leanúnachas agus nua-aoiseachas san fhilíocht iarChadhnach

2017 (opens in a new window)An tOllamh Máirín Nic Eoin

Athnuachan agus athghabháil shaothar liteartha Uí Chadhain

2016 (opens in a new window)Joe Steve Ó Neachtain

Ó Cadhain: An ag doras an bháis atá lorg a láimhe anois?

2015 Peadar Ó Riada Fuaimeint Gaeil
2014 (opens in a new window)Darach Ó Scolaí Cuimhne agus Díchuimhne
2013 An Dr Diarmuid Ó Sé Fiche Blian ag Fás mar shaothar liteartha
2012 Máire Ní Neachtain An é tobar an dúchais tobar an dóchais?
2011 Dónall Ó Braonáin Ceist na Gaeltachta i saothar Uí Chadhain
2010 (opens in a new window)Colm Breathnach Idir Dhá Ainm - nó Fás an Údair
2009 An tOllamh Nicholas Williams An Chornais agus an Ghaeilge – ceacht nó rabhadh?
2008 Níor reachtáladh léacht Níor reachtáladh léacht
2007 (opens in a new window)An Dr Regina Uí Chollatáin In Ard a Ghutha, finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta
2006 Aodh Ó Canainn Aistritheoirí idir Dhá Sholas: Eorpú agus Domhandú
2005 (opens in a new window)An Dr Pádraigín Riggs Idir Shúgradh agus Dáiríre: an Gearrscéal iar-Chadhnach
2004 (opens in a new window)An Dr Caoimhín Mac Giolla Léith Athnuachan na Filíochta
2003 (opens in a new window)Nuala Ní Dhomhnaill Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann
2002 (opens in a new window)Pádraic Breathnach  Carracáin agus Bráiste - ómós do Mháirtín Ó Cadhain
2001 (opens in a new window)An tOllamh Cathal Ó Háinle Barbed Wire - tuairisc eagarthóra
2000 (opens in a new window)Mícheál Ó Conghaile Coisméigeacha Beaga agus Coisméigeacha Móra
1999 (opens in a new window)Liam Mac Cóil Traidisiúin
1998 (opens in a new window)Biddy Jenkinson ...liric dheas neamhurchóideach ocht líne
1997 (opens in a new window)An Dr Tadhg Ó Dúshláine Uraiceacht na gCorcaíoch: sliocht sleachta Innti
1996 (opens in a new window)Liam Ó Muirthile Tá an fráma imithe ina lacht: an teanga agus an téacs
1995 (opens in a new window)Diarmuid Breatnach Le gean ar Ghaeil: fiontar beathasinéise
1994 (opens in a new window)An Dr Angela Bourke Traidisiúin an léinn agus léamh an traidisiúin
1993 (opens in a new window)An Dr Máire Ní Annracháin An tSuibiacht Abú, an tSuibiacht Amú
1992 (opens in a new window)An tOllamh Breandán Ó Doibhlin Ó Cadhain tar éis Cré na Cille
1991 (opens in a new window)An tOllamh Seán Ó Tuama Ómós áite: a rian ar scríbhneoirí in Éirinn
1990 (opens in a new window)Eoghan Ó hAnluain Creidim fós, beagnach...
1989 (opens in a new window)An tOllamh Seán Ó Coileáin An Bheatha agus an Saothar
1988 An Dr Gearóid Ó Crualaoich Máirtín Ó Cadhain agus Dioscúrsa na Gaeilge
1987 (opens in a new window)An Dr Louis de Paor Máirtín Ó Cadhain: scríbhneoir nua-aimseartha iar-Fhreudach
1986 (opens in a new window)Gearóid Denvir Ó Chill go Cré: Léamh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain
1985 Liam Ó Dochartaigh Cúis na Gaeilge: Cúis ar Strae
1984 An tOllamh Declan Kiberd Caint na nDaoine mar Bhonn Liteartha
1983 (opens in a new window)An Dr Aisling Ní Dhonnchadha Fáinne an Lae: ceann d’fhoinsí na hAthbheochana
1982 An Dr Gearóid Ó Tuathaigh Máirtín Ó Cadhain: stair agus polaitíocht (Ó Cadhain - scríbhneoir engagé: an fear agus an traidisiún)
1981 (opens in a new window)An Dr Alan Titley Ag déanamh páipéir: foinsí inspioráide an Chadhnaigh 
1980 (opens in a new window)Breandán Ó hEithir Máirtín Ó Cadhain: an pholaitíocht agus an Ghaeilge
Póstaeir na Léachtaí 2011-Inniu

Léacht bhliantúil in ómós don Ollamh Bo Almqvist

Rugadh (opens in a new window)Bo Almqvist in Värmland sa tSualainn agus rinne sé staidéar ag Uppsala Universitet, áit ar bronnadh PhD sa Bhéaloideas air, agus i Reykjavik na hÍoslainne, áit ar bronnadh Baccalaureatus Philologie Islandicae air. Bhí cónaí air san Íoslainn ar feadh na mblianta, áit ar mhúin sé cúrsaí sa tSualainnis agus i litríocht na Sualainne. Mhúin sé cúrsaí sa bhéaloideas in Uppala Universitet idir 1960 agus 1972 agus ceapadh é ina cheann roinne sa bhliain 1967, ról a chomhlíon sé go dtí 1969. Tháinig sé isteach mar chomharba ar Shéamus Ó Duilearga mar Ollamh le Béaloideas in UCD sa bhliain 1972. Thug sé a chéad cuairt ar an nGaeltacht sa bhliain 1957 nuair a chuaigh sé siar go Leithinis Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí agus bhailigh sé neart béaloidis ann, go háirithe i nDún Chaoin ó Mhícheál Ó Gaoithín agus Bab Feirtéar i measc daoine eile. Ghnóthaigh sé cáil idirnáisiúnta mar shárscoláire as a chuid oibre ar bhéaloideas na hÉireann agus ar na naisc chultúrtha idir Éire agus Críoch Lochlann.

(Ó Viking Ale. Studies on folklore contacts between the Northern and the Western Worlds, by Bo Almqvist, edited by É. Ní Dhuibhne-Almqvist and S. Ó Catháin, Aberystwyth 1991. Aistriúchán Eoin Mc Evoy.)


 Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2017

 

Clár 2017

   

Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2016   Irish Conference of Folklore & Ethnology / Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2016  ‌Clár 2016 Irish Conference of Folklore & Ethnology / Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2016

Sraitheanna Seimineár

Chomh maith leis na léachtaí bliantúla thuas, bímid gnóthach leis na sraitheanna seimineár seo a leanas sna hábhair éagsúla. Tugann na sraitheanna seo deis dár gcuid mac léinn teacht i dteagmháil rialta leis an taighde is nua sna réimsí a bhfuilimid ag obair iontu.

Sraith í seo a dhíríonn ar an mbéaloideas in Éirinn. Tá fáilte mhór roimh chuairteoirí. Is gá do na mic léinn iarchéime atá ag plé le Béaloideas na hÉireann bheith i láthair.

2019

  • Peter Browne ‘Tuning the Radio’: the close connections between traditional music and radio in Ireland. (Aibeán)
  • Michael Fortune ‘The Process and Tools used to Collect and Share Folklore in Contemporary Ireland.’ (Márta)
  • Alan McLeod ‘Documenting tradition in a north Dublin fishing community: Alan McLeod’s ‘Perils and pearls’ and Globby Wore Sea Chart.’ (Feabhra)
  • Ellie Nic Fhionnghaile ‘Athbheochan Traidisiún Fidil Dhún nan Gall 1980-2018’ (Eanáir)
  • Jim Ledwith ‘The Mind of the Masked: masking in Irish folk tradition.’ (Eanáir)
2018
  • Fiona Shannon, MSc: Looking back on traditional medicinal knowledge. A new perspective on the Schools' Manuscripts Collection. (Aibreán)
  • Dr Arlene Crampsie: Mutual interests, different perspectives – the potential for collaboration between oral history and folklore in Ireland. (Aibreán)
  • Professor Máire Ní Annracháin: Athchóiriú an bhéaloidis i nualitríocht na Gaeilge: tobar nach dtránn. (Márta)
  • Dr Anne O'Dowd: Straw, hay and rushes in Irish folk tradition. (Feabhra)
  • Gregory Darwin, MA: The Mermaid Legend (ML 4080) in Ireland and overseas. (Eanáir)
2017
  • Merlo Kelly, MA (UCD): Fínis: A survey of an island (Samhain)
  • Dr Aoife Granville (UCC): An Dreoilín: Traidisiún, Ceol & Féiniúlacht Phobail i nDaingean Uí Chúis (Samhain)
  • Dr Gearóid Ó Crualaoich (UCC Emeritus): Towards an understanding of the ethno-poetic nature of traditional narration (Deireadh Fómhair)
  • Dr Fred Freeman (RCS Glasgow): Hamish Henderson: A New Voice on 'The Carrying Stream' (Deireadh Fómhair)
  • Dr Seán O'Connell (Queen's University Belfast): Interpreting nostalgia: memory and working class communities in Belfast (Meán Fómhair)
  • Fionnán MacGabhann (UCD): The Skellig Lists: Shrovetide ballads and rhymes from the south of Ireland (Aibreán)
  • Dr Mícheál Briody (Language Centre, University of Helsinki): Social Aspects of the Buaile (transhumance) in Ireland and Gaelic Scotland, with emphasis on women's tradition (Márta)
  • Elsa Ósk Alfreðsdóttir, MA (University of Iceland): 'Dwelling in the Roots’: Herbal medicine traditions in Iceland (Feabhra)
  • Jane Nolan (Maps & GIS Librarian, UCD Library): Visualising your Research with Maps (Eanáir)
2016
  • Dr Marcas Mac Coinnigh (QUB): Tied Stones and Loose Dogs: Examining an 'Ancient Irish Adage' (Samhain)
  • Dr Claudia Kinmonth MA (RCA), Visiting Research Fellow, Moore Institute N.U.I. Galway: Irish Country Furniture 1700-1950: Decoration & Display in the Farmhouse Kitchen (Samhain)
  • An tOllamh Ríonach uí Ógáin, (UCD Emerita): Cycling the Coast of Clare: the Collecting Work of Séamus Ennis. (Samhain)
  • Grace Toland (Irish Traditional Music Archive): ITMA  - Present & Future. (Deireadh Fómhair)
  • Dr Deirdre Nuttall (IAPH): A Hidden Folk: Understanding the Protestant Minority in the Republic of Ireland Through Folklore (Meán Fómhair)

2019

  • Charles Doherty ‘The Viking mounds at Jelling and ancient Irish kingship’ (April)

  • Kevin Whelan ‘The impact of Christianity on the Irish landscape in the Early Medieval period.’ (March)

2018

  • Professor Liv Helga Dommasnes (University Museum of Bergen): 'Viking Women Left at Home?' (October)

  • International Women's Day Special Lecture: Aoife Cranny Walsh (PhD Candidate, UCD): Queens and Sovereignty Goddesses:The historical and legendary perceptions of queenship in Early Medieval Ireland. (March)

  • Dr Matthew Stout (DCU): How settlement studies contibute to our understanding of Early Medieval Ireland. (March)

Tá an tsraith seimineár 'Ó Thrácht go Twitter' á heagrú ag Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge UCD ó 2013 i leith.

Mar chuid den tsraith seo, díríonn saineolaithe teanga, idir acadúil agus ghairmiúil, ar ghnéithe uile na scríbhneoireachta agus na cumarsáide Gaeilge. Tá na seimineáir seo oscailte don phobal mór.

Éist siar

Póstaeir ón tsraith 2014-Inniu