Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Nua-Aois

Nua-Aois

‌‌Iris liteartha mhic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Molaimid do gach mac léinn le Gaeilge bheith páirteach i scríobh, cur in eagar agus foilsiú Nua-Aois.

Ón mbliain 1970 i leith, tá ardán tugtha ag Nua-Aois do scríbhneoirí úra na Gaeilge. Imleabhar aitheanta is ea í a chuireann fáilte chroíúil roimh shaothar liteartha mhic léinn na hOllscoile idir chruthaitheach agus chriticiúil.

Ina measc siúd a chuaigh i mbun pinn don iris go dtí seo áirítear daoine de mhór-uaisle léann na Gaeilge, filí agus údair phróis a bhfuil iomrá ar a gcumadóireacht, agus daoine a bhfuil obair cheannródaíoch curtha i gcrích acu sna meáin Ghaeilge. Tá an obair seo ar fad i mbláth a dtoraidh faoi láthair, agus léiríonn an cothú atá tugtha ag Nua-Aois don uile réimse de scríbhneoireacht na Gaeilge a dhíograisí is a chuireann mic léinn na hOllscoile chun na scríbhneoireachta úd.

Is féidir dul i dteagmháil leis na mic léinn atá i mbun an eagráin reatha ag nuaaois @ gmail . com 

 Leaganacha eile den iris atá ar fáil ar líne:

(opens in a new window)Leagan 2012-2014

(opens in a new window)Leagan 2010-2012

(opens in a new window)Leagan 2007-2009

(opens in a new window)Leagan 2005-2006

(opens in a new window)Leagan 1995-1996

(opens in a new window)Leagan 1984

(opens in a new window)Leagan 1981

(opens in a new window)Leagan 1976

(opens in a new window)Leagan 1975

(opens in a new window)Leagan 1974

(opens in a new window)Leagan 1972

(opens in a new window)Leagan 1971