Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Aschuir Taighde

Aschuir Taighde


Seimineár Taighde na Scoile 

Seoladh Seimineár Taighde na Scoile sa bhliain 2018 chun éagsúlacht agus beocht an taighde atá ar bun sa Scoil a léiriú don phobal acadúil níos leithne.

2019

  • An Dr Roisin McLaughlin: 'Heads and Tails: Marginalia in TCD MS H 2.15B' 
  • An Dr Cathal Billings: 'Cúis na hÉireann agus Tír Kruger'

2018

  • An tOllamh Comhlach Caoimhín Breatnach: 'Medieval Irish Versions of the Gospel of Nicodemus'
  • An tOllamh Comhlach Caoimhín Mac Giolla Léith: 'Cian agus Cóngar san Fhilíocht Chomhaimseartha'
  • An tOllamh Comhlach Diarmuid Ó Sé: 'Ón mBarr Anuas i Múineadh na Gramadaí'
  • An Dr Dewi Evans: 'A Seventeenth-Century Cockney Lexicographer of Welsh'

Tá cuid de na cainteanna ar fáil trí chuntas Soundcloud na Scoile, Cultúr@UCD:


Seoda Scripte: Taispeántas i Sainchnuasaigh Leabharlann UCD

Osclaíodh an taispeántas Seoda Scripte arna chur le chéile ag an Ollamh Comhlach Meidhbhín Ní Úrdail i Sainchnuasaigh UCD i mí an Mheithimh 2018. Seoladh an taispeántas go hoifigiúil i mí na Samhna 2018 le comhdháil lae.

Tá cuid de na cainteanna ón lá le fáil ar Soundcloud na Scoile: 


Cultúr@UCD

Reachtálann an Scoil seimineáir agus léachtaí poiblí go rialta le fáilte a chur roimh an bpobal chuig an Scoil agus le saineolas ár gcuid taighdeoirí a roinnt leo siúd a chuireann spéis sna hábhair sin. Déantar taifeadadh ar na cainteanna seo agus cuirtear ar fáil iad ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, le go mbeidh teacht ag an bpobal orthu, beag beann ar an áit a bhfuil siad ar domhan.