Skip navigation

University College Dublin Logo
SEARCH UCD

Advanced Search
 
 

UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore & Linguistics

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD

Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? An bhfuil cailíocht aitheanta uait sa teanga? Léigh leat mar sin!

 

An Dioplóma

Cuirfear tús leis an gcúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2009.

Beidh deis ag na rannpháirtithe a gcumas agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i rith an chúrsa chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol.

• Chomh maith leis an teanga féin, beidh gnéithe de litríocht agus d’oidhreacht na Gaeilge i gceist, mar aon leis an teanga sa saol comhaimseartha.
• Ceardlanna seachas léachtaí a bheidh i gceist den chuid is mó.
• Beidh páirt an-ghníomhach ag na rannpháirtithe féin sa chúrsa agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt as a dtaithí féin.
• Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna ranganna.

Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

 

Ábhar an chúrsa

Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar:

• Scileanna teanga (léamh, éisteacht, scríobh, labhairt)

 

Beidh roinnt ranganna/léachtaí bunaithe ar:

• An Ghaeilge sa saol comhaimseartha (na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an Ghaeltacht)
• Cultúr agus oidhreacht (logainmneacha, sloinnte, béaloideas, an amhránaíocht)
• Litríocht (filíocht agus prós)

 

An Cháilíocht

• Glacann UCD leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht a thugann cead isteach sa Dara Bliain Nua-Ghaeilge ar an gcúrsa BA

• Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht.

 

Leagan amach an chúrsa

• Is cúrsa dhá bhliain é an dioplóma páirtaimseartha seo agus is le linn téarmaí acadúla na hollscoile a bheidh na ranganna ar siúl.
• Beidh scrúduithe ar siúl i mí na Bealtaine.
• Dhá uair an chloig teagaisc (7.00 – 9.00 p.m.) gach oíche Dé Céadaoin a bheidh i gceist. Beidh na seisiúin seo ar siúl in Áras Newman, Belfield.
• Eagrófar sé léacht speisialta in aghaidh na bliana ina dtabharfaidh aoi-léachtóirí caint ar ghnéithe áirithe den gcúrsa. Beidh na léachtaí seo ar siúl lasmuigh d’uaireanta teagaisc an Dioplóma.

Beidh ceithre aonad lárnacha i gceist sna modúil: Scileanna Teanga; An Ghaeilge sa Saol Comhaimseartha; Cultúr agus Oidhreacht; Litríocht.

 

Riachtanais iontrála

Ní mór d’iarrthóirí grád D3 ar a laghad a bheith bainte amach acu sa pháipéar ardleibhéil Gaeilge san Ardteistiméireacht (nó a bheith ar chaighdeán atá inchurtha leis seo). D’fhéadfaí glacadh, áfach, le hiarrthóirí nach bhfuair scolaíocht sa tír seo dá measfaí go raibh caighdeán sásúil Gaeilge acu.

Tá líon na n-áiteanna ar an gcúrsa teoranta. Ní mór caighdeán sásúil a léiriú in agallamh a shocróidh stiúrthóir an chúrsa chun áit ar an gcúrsa a chinntiú.

 

Scoláireachtaí

Tá Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag tairiscint scoláireachtaí do dhaoine a gheobhaidh áit ar an gcúrsa. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi na scoláireachtaí seo ón Oifigeach Gaeilge, Clár Ní Bhuachalla (oifigeach.gaeilge@ucd.ie)

 

Táille

Chosain an cúrsa €1,150 sa bhliain 2007, tá eolas ar tháillí reatha ar fáil ag http://www.ucd.ie/fees/info_fees.htm.
Ní mór d'iarrthóirí an táille a íoc nuair a chláraíonn siad don gcúrsa ag tús na bliana acadúla.

 

Iarratais

Is féidir foirm iarratais a fháil ó:

Nua-Ghaeilge, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, Áras Newman, An Coláiste Ollscoile, Belfield, Baile Átha Cliath 4.

Teil: (01) 716 8413 nó 716 8385

 

Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

Teideal an chúrsa: Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

Cáilíocht: Dioplóma ollscoile

Dáta tosaithe: Meán Fómhair 2009

Fad an chúrsa: Dhá bhliain acadúla (48 seachtain teagaisc)

Ionad: Áras John Henry Newman, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4

Lá agus am: Dé Céadaoin, 7.00 – 9.00 p.m.
(Eagrófar roinnt léachtaí freisin lasmuigh den am seo)

Riachtanais iontrála: Grád D3 ar a laghad sa pháipéar ardleibhéil Gaeilge san Ardteistiméireacht (nó a mhacashamhail); agallamh ar chaighdeán sásúil

Dáta deireanach iontrála: 5.00 p.m. ar an 28 Lúnasa 2009

Agallaimh: Mí Lúnasa 2009

Táille: http://www.ucd.ie/fees/info_fees.htm

An Cháilíocht: Glacann UCD leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht a thugann cead isteach sa Dara Bliain Nua-Ghaeilge ar an gcúrsa BA

Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht.

Tuilleadh eolais: Teil: (01) 716 8385 nó 716 8413
Facs: (01) 716 1166
Ríomhphost: kathleen.clune@ucd.ie

Eolas faoi scoláireachtaí
Bhord na Gaeilge: Le fáil ón Oifigeach Gaeilge, Clár Ní Bhuachalla
Teil: (01) 716 2860
Facs: (01) 716 1138
Ríomhphost: oifigeach.gaeilge@ucd.ie