Skip navigation

University College Dublin Logo
SEARCH UCD

Advanced Search
 
 

UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore & Linguistics

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD

Fáilte romhat chuig ár suíomh idirlín. Scoil ildhisciplíneach bheoga í an Scoil seo againne, Scoil ina bhfuil réimse tarraingteach ábhar staidéir - teanga agus cultúr na Gaeilge i gcomhthéacsanna náisiúnta agus idirnáisiúnta; gnéithe den Bhreatnais agus de theangacha Ceilteacha eile; Béaloideas Éireann i dtír atá ag athrú; agus an Teangeolaíocht, ábhar a thugann tuiscint dhomhain ar nádúr na teanga daonna. Cuireann an Scoil tábhacht ar leith leis an gcúram a dhéantar de mhic léinn aonair, agus soláthraíonn sí timpeallacht thacúil foghlama dóibh.

Tá cumas agus saineolas ag baill na Scoile sa teanga agus sa litríocht a ghabhann le gach tréimhse de chuid na Gaeilge agus i mBéaloideas Éireann, agus suitear iad seo laistigh de chomhthéacs leathan an Léinn Cheiltigh agus na hanailíse ginearálta teangeolaíche. Aithníonn baill na Scoile go mbíonn riachtanais na mac léinn ag athrú agus fáiltítear i gcónaí roimh dheiseanna a spreagann cur chuige nua idir disciplíní na Scoile.

Féadann mic léinn staidéar a dhéanamh ar an Nua-Ghaeilge, ar an tSean-Ghaeilge agus ar an mBreatnais. Soláthraíonn Saíocht na gCeilteach léargais bhreise ar na pobail Cheilteacha. Chomh maith le plé le feiniméan na teanga ann féin, baineann an Teangeolaíocht le hanailís a dhéanamh ar iliomad teangacha agus grúpaí teangacha. Ar an gcuma chéanna, tugann Béaloideas Éireann an deis chun staidéar a dhéanamh ar thraidisiún na muintire in Éirinn, traidisiún a bhíonn ag síorathrú, i gcomhthéacs leathan idirnáisiúnta.

Tá na deiseanna gairme atá ar fáil do chéimithe na Scoile ag dul i méid i gcónaí. Cuireann a gcuid cáilíochtaí ar chumas chéimithe na Scoile earraíocht a bhaint as a n-eolas agus as a dtuiscint ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus as teoiricí ginearálta teangeolaíocha i dtimpeallacht chomhaimseartha na hÉireann, timpeallacht atá ag athrú go tapaidh.

Tá breis is 30 ball foirne agus thar 500 fochéimí ag an Scoil. Tá 40 iarchéimí aici chomh maith, 20 duine acusan ag gabháil don chéim PhD. Spreagtar na mic léinn iarchéime ar fad chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa chultúr bisiúil taighde a chothaítear sa Scoil. Tá na hiarchéimithe ábalta tarraingt ar na bailiúcháin aircíve gan sárú atá ag Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD agus Cartlann na gCanúintí, ar cuid den Scoil iad.

Tá céad fáilte romhat.  Back to Top

 

Welcome to our website. This is a vibrant multi-disciplinary School, which offers an attractive range of study options - Irish language and culture in national and international contexts; aspects of Welsh and other Celtic languages; Irish Folklore in a changing Ireland; and Linguistics, which provides an in-depth understanding of the nature of human language. The School attaches particular importance to the attention paid to individual students, and provides them with a supportive learning environment.

The School has established strengths and expertise in the language and literature of all periods of the Irish language and in Irish Folklore, within the wider context of Celtic Studies and general linguistic analysis. The School recognises the changing needs of students and always welcomes opportunities that inspire fresh approaches across its disciplines.

Language students can study Modern Irish, Early Irish and Welsh. Further insights regarding the Celtic peoples are provided by Celtic Civilisation. Linguistics, as well as dealing with the phenomenon of language, analyses many languages and language groups. Similarly, Irish Folklore offers the opportunity to study the ever-changing folk tradition of Ireland in the wider international perspective.

There are increasing career opportunities for the School’s graduates whose qualifications equip them to utilise their knowledge and understanding of Irish language, culture and general linguistic theory in the rapidly changing environment of contemporary Ireland.

The School has over 30 members of staff and more than 500 undergraduates. It also has 40 postgraduate students, 20 pursuing PhDs. All postgraduate students are encouraged to contribute actively to the thriving research culture fostered by the School, and are able to draw on the unique archival holdings of the UCD Delargy Centre for Irish Folklore and the National Folklore Collection, and Cartlann na gCanúintí / The Irish Dialect Archive, which form part of the School.

You are very welcome – tá céad fáilte romhat.

Professor Liam Mac Mathúna
Head of School
UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore and Linguistics
Back to Top

Professor Liam MacMathúna, Head of School
Professor Liam Mac Mathúna, Head of School.
News