News/Nuacht
Béarla sa Ghaeilge – Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900
The rise of English as an administrative and societal language in Ireland after the Flight of the Earls impacted on Irish in various ways. One of the most intriguing of these was the practice of code-mixing, whereby a certain amount of English was used alongside Irish in literary texts. This phenomenon is the subject of Béarla sa Ghaeilge, the latest book published by Prof. Liam Mac Mathúna, Head of the UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore and Linguistics.
Béarla sa Ghaeilge – Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900 was chosen by Cumann Merriman as its 2008 Book of the Year and launched at its Winter School in Westport by Prof. Máirtín Ó Murchú.
Béarla sa Ghaeilge – Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900
Chuaigh an ról nua a baineadh amach don Bhéarla mar theanga riaracháin agus mar theanga phobail in Éirinn tar éis Imeacht na nIarlaí i bhfeidhm ar an nGaeilge ar shlite éagsúla. Ar na cinn ba shuimiúla orthu seo bhí an códmheascadh, nuair a úsáideadh méid áirithe Béarla le hais na Gaeilge i dtéacsanna liteartha. Is é an feiniméan seo is ábhar do Béarla sa Ghaeilge, leabhar nuafhoilsithe an Ollaimh Liam Mac Mathúna, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD.
Roghnaigh Cumann Merriman Béarla sa Ghaeilge – Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900 mar Leabhar na Bliana 2008 Chumann Merriman. Agus an saothar á sheoladh ag an Ollamh Máirtín Ó Murchú ag Scoil Gheimhridh an Chumainn i gCathair na Mart dúirt sé ina thaobh: “Níl aon amhras ná gur leabhar é a thuilleann dícheall agus mionstaidéar ó léitheoirí na Gaeilge; uimhir 98 sa tsraith fhada ghlórmhar de leabhair thaighde atá foilsithe go dtí seo ag an gClóchomhar. Is ábhar ceart mórtais d’údar agus d’fhoilsitheoir araon é. Molaimse daoibh dá réir sin é, agus is onóir dom é a fhógairt seolta.”
News/Nuacht Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge le Liam Mac Amhlaigh