Skip navigation

UCD Search

 
 
  • rotating image 2
  • rolingimg_dioploma

Dioploma sa Ghaeilge Fheidhmeach 2011 - 2013

Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ón mbróisiúr: Dioploma sa Ghaeilge Fheidhmeach 2011-2013 

Cad atá i gceist?
Cuirfear tús leis an gcúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2013.

Beidh deis ag na rannpháirtithe a gcumas agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i rith an chúrsa chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol.

  • Chomh maith leis an teanga féin, beidh gnéithe de litríocht agus d’oidhreacht na Gaeilge i gceist, mar aon leis an teanga sa saol comhaimseartha.
  • Ceardlanna seachas léachtaí a bheidh i gceist den chuid is mó.
  • Beidh páirt an-ghníomhach ag na rannpháirtithe féin sa chúrsa agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt as a dtaithí féin.
  • Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna ranganna.

Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí, agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Ábhar an chúrsa.

Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar:

  • Scileanna teanga (líofacht, léamh, éisteacht, scríobh, labhairt, scileanna cumarsáide) Beidh roinnt ranganna/léachtaí bunaithe ar:
  • An Ghaeilge sa saol comhaimseartha (na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an Ghaeltacht)
  • Cultúr agus oidhreacht (logainmneacha, sloinnte, béaloideas, an amhránaíocht) Litríocht (filíocht agus prós)

Leagan amach an chúrsa:
Is cúrsa dhá bhliain é an dioplóma páirtaimseartha seo agus is le linn téarmaí acadúla na hollscoile a bheidh na ranganna ar siúl.

Dhá uair an chloig teagaisc gach oíche Dé Céadaoin a bheidh i gceist.
Beidh na seisiúin seo ar siúl in Áras Newman, Belfield.

Scoláireachtaí:
Tá Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag tairiscint scoláireachtaí do dhaoine a gheobhaidh áit ar an gcúrsa. Tá tuilleadh eolais le fáil ón Oifigeach Gaeilge, Clár Ní Bhuachalla (oifigeach.gaeilge@ucd.ie)

Táille:
Chosain an cúrsa €1,250 don bhliain 2011/2012, tá eolas ar tháillí ar fáil ag www.ucd.ie/fees. Ní mór d'iarrthóirí an táille a íoc nuair a chláraíonn siad don chúrsa ag tús na bliana acadúla.

Iarratais
Is féidir cur isteach ar an Dioplóma, ach dul go dtí an leathanach www.ucd.ie/apply. Roghnaigh an réimse Diplomas/Certificates agus ansin - Z157 Diploma Continuing Education Gaeilge Fheidhmeach.