Skip navigation

UCD Search

 
 
  • rotatingimg_teanglann4
  • rollingimg_teanglann3

Fáilte chuig An Teanglann

Tá fáilte romhat úsáid a bhaint as seirbhísí na Teanglainne atá súite i Seomra B205, Áras Newman, Belfield. Seo thíos roinnt de na seirbhísí a chuirtear ar fáil:

  • An Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach - más mian lear feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, agus cáillíocht aitheanta a bhaint amach sa teanga seo cúrsa a d'fheilfeadh go mór duit. Is cúrsa dhá bhliain é an cúrsa páirt-aimseartha seo.
    Bíonn na ranganna ar siúl 7 - 9p.m. Dé Céadaoin sa Teanglann. Is cúrsa taitneamhach, tairbheach é a chuireann béim ar líofachr, cruinneas agus scileanna cumarsáide sa teanga. Glacann UCD leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháiliocht a thugann cead isteach sa Dara Bliain Nua-Ghaeilge ar an gcúrsa BA. Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime sa Bhunmhúinteoireacht. Tuilleadh eolais ón gcomhordnaitheoir Eimhear Ní Dhuinn: Eimhear.nidhuinn@ucd.ie.
  • An Seomra Caidreamh, is áit é seo do dhaoine le Gaeilge san Ollscoil, atá suite i B207. Tá tae, caife agus brioscaí (má bhíonn tú luath go leor!) ar fáil do chách. Tá fáilte roimh gach éinne ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a úsáid nó a chleachtadh san atmaisféar cairdiúil, réchúiseach seo.
  • Tá bailiúcháin fairsing taifead ag An Teanglann de chainteoirí ó cheantair éagsúla chomh maith le taifid liteartha atá ar fáil don phobal. Tá fáilte romhat bualadh isteach chun na Teanglainne agus breathnú ar an gcatalóg de réir mar is áisiúil duit.
  • Tá bailiúcháin DVD agus VHS ag an Teanglann freisin ar féidir leat breathnú orthu sa Teanglann. Tá an Teanglann forbartha le déanaí ina Ionad Ilmheán Foghlama la háiseanna digiteacha, closmheáin agus meáin chlosamhairc.
  • Tá cartlann den iris Comhar agus den nuachtán Gaelscéal ar fáil sa Teanglann. Tá réimse leathan de chúrsaí fochéime agus iarchéime á dtairscint ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta.

Tuilleadh Eolais ó:

Seoladh: Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, UCD, Áras Newman, An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, B.Á.C. 4, Éire.
Teil: +353 1 716 8200
Faics: +353 1 716 8332
Ríomhphoist: eimhear.nidhuinn@ucd.ie