FĂșinn
Nua-Ghaeilge/Modern Irish
Tá an Ghaeilge ar na gnéithe is tábhachtaí agus is luachmhaire d’oidhreacht dhúchais an oileáin seo. Eochair í d’eolas ar shinsir ár muintire, agus ar an rian a d’fhág siad ar ár saol laethúil – ár n-ainmneacha, ár sloinnte, ár n-ainmneacha áite, ár n-amhráin, ár nósanna agus ár gcaitheamh aimsire. Is é is aidhm do na cúrsaí a chuirtear ar fáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, eolas domhain a thabhairt do na mic léinn ar an nGaeilge agus ar an oidhreacht liteartha agus chultúrtha a bhaineann léi. Eagraítear ciorcail chomhrá ina dtugtar deis do mhic léinn a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh ar bhealach neamhfhoirmeálta. Cuirtear fáilte roimh mhic léinn bualadh isteach chuig an Seomra Caidrimh chun comhrá a dhéanamh le chéile. Bíonn tae agus caife ar fáil ansin mar aon le stóras de shaibhreas na Gaeilge i bhfoirm ábhar closamhairc agus ríomhaireachta sa Teanglann agus Ionad Acmhainní Ilmheán béal dorais.
First year Modules offered include:
- Cúlra na Nualitríochta
- Oidhreacht na Gaeilge
- Scríbhneoireacht an Lae Inniu
- Teanga na Gaeilge
- Bunchloch na Gaeilge
- Forbairt na Gaeilge Acadúla
- Irish Language
Tuilleadh eolais ó: Kathleen Clune, Riarthóir,
kathleen.clune@ucd.ie
Tel: 01 7168385
Irish is one of the most important and valuable aspects of the native heritage of this island. It is a key to knowledge of our people’s ancestors, and the traces they have left on our day-to-day living – our personal names, surnames, place-names, songs, customs and pastimes. The courses provided in UCD aim to give students an in-depth knowledge of the Irish language and its literary and cultural heritage. Conversation circles are organised which give students the opportunity to practise their oral Irish in an informal setting. Students are welcome to drop in to the Seomra Caidrimh to chat together in Irish. Tea and coffee are available there while the Teanglann and Multi-media Resource Centre next door provides a wealth of audio-visual and computerised language facilities.
First year Modules offered include:
- Cúlra na Nualitríochta
- Oidhreacht na Gaeilge
- Scríbhneoireacht an Lae Inniu
- Teanga na Gaeilge
- Bunchloch na Gaeilge
- Forbairt na Gaeilge Acadúla
- Irish Language
For more information please contact: Kathleen Clune, Administrator,
kathleen.clune@ucd.ie
Tel: 01 7168385




