Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge
Cruthaíodh Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge le freastal ar an éileamh breise ar chéimithe le sainscileanna Gaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach.
Is cúrsaí ceannródaíocha iad seo a nascann an t-ábhar acadúil leis an ngairm phraiticiúil le cur le hoideachas tríthoiseach na mac léinn. Cuirtear cúrsaí ar fáil sna réimsí seo a leanas: Iriseoireacht, Aistriúchán agus Ateangaireacht, Eagarthóireacht agus Cóipeagarthóireacht, Riarachán, Dlí agus Aistriúchán.
Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí ar fáil anseo: MA/Dioploma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge 2012/2013

