MA/Dioploma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge
Tuilleadh eolais ar fáil sa bhróisiúr: MA/Dioploma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge 2012/2013
Aidhmeanna an Dioploma:
- Dioplóma iarchéime a sholáthar mar shlí iontrála agus mar shlí amach do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi chúrsa MA sa Ghaeilge;
- Freastal ar riachtanais a bhaineann le céimithe le sainscileanna teanga a sholáthar de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach sna réimsí seo a leanas*: Iriseoireacht, Aistriúchán, Aistriúchán agus Ateangaireacht, Eagarthóireacht agus Cóipeagarthóireacht, Riarachán, Dlí agus Aistriúchán;
- Cur le caighdeán agus le hilghnéitheacht úsáid na Gaeilge.
*ag brath ar an réimse staidéir a roghnaíonn an mac léinn
Aidhmeanna an MA
- Freastal ar riachtanais a bhaineann le céimithe le sainscileanna teanga a sholáthar, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach, sna réimsí seo a leanas*: Iriseoireacht, Aistriúchán, Aistriúchán agus Ateangaireacht, Eagarthóireacht & Cóipeagarthóireacht, Riarachán, Dlí agus Aistriúchán;
- Cur le caighdeán agus le hilgnéitheacht úsáid na Gaeilge.
Modúil atá ar fáil:
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Dlí agus Aistriúchán)
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Aistriúchán)
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Aistriúchán Gairmiúil agus Ateangaireacht)
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Eagarthóireacht agus Cóipeagarthóireacht)
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Riarachán)
- Dioplóma Iarchéime/MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (Iriseoireacht)
Sprioclá Iontrála:30 Béaltaine 2011 Tá líon áirithe scoláireachtaí ar fáil do na cúrsaí seo
Béim ar: Teanga, teoiric chriticiúil, cumarsáid, scileanna scríbhneoireachta, iriseoireacht agus cúrsaí teicneolaíochta Gaeilge, aistriúchán
Fostaíocht: Oideachas, Taighdeoirí, Rialtas/Stát, Eagraíochtaí Gaeilge, Cumarsáid agus Iriseoireacht, Aistriúchán.
Is féidir clárú don chúrsa ag www.ucd.ie/apply
MA sa Nua-Ghaeilge:
(Cúrsa Bliana)
Tuille eolais ar fáil sa bhróisiúr: MA sa Nua-Ghaeilge Bróisiúr 2012/2013
Cé dóibh an MA sa Nua-Ghaeilge?
Feiliúnach dóibh siúd a bhain bunchéim amach le gairid nó atá fostaithe le tamall i bpoist ina n-éilítear saineolas suntasach ar theanga nó ar litríocht na Gaeilge, nó dóibh siúd ar mhaith leo a gcur amach ar na hábhair sin a fhorbairt.
Cuirfidh tú eolas domhain ar theanga na Gaeilge, idir eolas teoiriciúíl agus eolas
praiticiúil. Déanfaidh tú staidéar ar go leor seánraí éagsúla de chuid litríocht an
lae inniu agus na litríochta stairiúla, agus beidh deis agat léitheoireacht fhairsing
a dhéanamh sna réimsí is fearr leat. Gheobhaidh tú tuiscint ar thraidisiúin
theangúla agus shamhlaíocha na Gaeilge, agus foghlaimeoidh tú scileanna córa
anailíse. Oilfear tú le píosa réasúnta fada taighde de do chuid féin a chur le chéile
i miontráchtas.
Modúil Teanga agus Cultúir:
- Teanga na Gaeilge 4 (*Modúl Éigeantach Seim 1)
- Scileanna Aistriúcháin
- Béarla sa Ghaeilge
- Ceird na Scríbhneoireachta
- An Athbheochan agus na Meáin Ghaeilge
- Teanga na Gaeilge 5
- Scileanna Taighde
- Tionscnamh Teanglainne
- Teangeolaíocht na Gaeilge
- Sean-Ghaeilge
- Gaeilge na hAlban
Modúil Litríochta:
- Scéalta Fiannaíochta
- Filíochta na Gaeilge 1600-1800
- An Nualitríochta ó 1900 i leith
- Úrscéalta Móra: forás is meath an réalachais
- An Dioscúrsa Baineann
- Litríocht Ghaeilge na hAlban
- Scéalta Rómánsaíochta
- Litríocht na Gaeilge Clasaicí
Béim ar: Litríocht, teanga
Fostaíocht: Oideachas, Taighdeoirí, Rialtas /Stát, Eagraíochtaí Gaeilge
Is féidir clárú don chúrsa ag www.ucd.ie/apply
nó
Foirm iarratais le híoslódáil anseo: foirm iarratas ma nua-ghaeilge
