Skip navigation

ucd_wide_banner_img.gif
Cuardaigh UCD

 
 

An Cnuasach Grianghrafadóireachta

Áirítear 80,000 íomhá mar chuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ar thorthaí iad go príomha ar obair bhaill foirne Choimisiún Béaloideasa Éireann agus a chomharbaí. Tá roinnt cnuasaigh luatha de phriontaí grianghraif, plátaí gloine, sleamhnáin laindéir agus claonchlónna mar chuid de chomh maith. Is taifead luachmhar é na híomhánna seo ar shaol phobail na hÉireann san fhichiú céad, agus áirítear portráidí annamha de scéalaithe, amhránaithe agus ceoltóirí aonair orthu.

Ba ghrianghrafadóir innealta tréitheach é Kevin Danaher (Caoimhín Ó Danachair), a bhí fostaithe ag an gCoimisiún mar shaineolaí ar chúrsaí eitneolaíochta ar feadh roinnt mhaith blianta. Tá méid suntasach curtha ag baill eile den Choimisiún leis an gcnuasach grianghrafadóireachta chomh maith, ina measc an saineolaí fuaime, Leo Corduff. Chuir Maurice Curtin, cara leis an gCoimisiún, líon mór grianghraf iontach leis an gcnuasach thar na blianta. Tá digitiú á dhéanamh ar a n-obair de réir a chéile agus cuirfear taispeántais shamplacha dá n-obair ar an láithreán gréasáin seo..

photo-01-160-148.jpg photo-02-160-148.jpg photo-03-160-148.jpg
“Lucht an Dreoilín”, Lá Fhéile Stiofáin Ag dreideáil oisrí i gCuan Dhroichead an Chláirín Díoltóir oisrí

An Togra Béaloidis Uirbigh: 1979-1980

Glacadh an-chuid grianghraif luachmhara de dhaoine, áiteanna agus radhairc, i mBaile Átha Cliath le linn na mblianta 1979-80, mar chuid de “Togra Béaloidis Uirbigh” Roinn Bhéaloideas na hÉireann.

Go dtí an barr
Boy Holding Reins
Cnuasach Bhéaloideas Éireann