An Cumann le Béaloideas Éireann

Thionóil an grúpa ar mian leo An Cumann le Béaloideas Éireann a bhunú an chéad chruinniú i Mí na Samhna 1926 agus cuireadh bonn foirmeálta faoin gCumann i Mí Eanáir 1927. Ar na hoifigigh tosaigh a bhí ar an gCumann, bhí Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’), Dubhghlas de hÍde (‘An Craoibhín Aoibhinn’) agus Séamus Ó Duilearga. Mar a dúradh in eagarfhocal an chéad uimhir den chéad eagráin den iris Béaloideas a foilsíodh i mí an Mheithimh 1927, ba í aidhm an Chumainn, béaloideas na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú.

Ós rud é go raibh páirt lárnach ag an gCumann i múscailt spéis an phobail sa bhéaloideas, ghlac Rialtas na hÉireann an cinneadh Coimisiún Béaloideasa Éireann a chur ar bun sa bhliain 1935.

Chomh maith leis an iris Béaloideas, tháinig foilseacháin eile ón gCumann i rith na mblianta, ina measc A Handbook of Irish Folklore (1942) le Seán Ó Súilleabháin, leabhar a bhfuil cliú agus cáil air go hidirnáisiúnta. Eagraíonn an Cumann sraith léachtaí gach bliain ar ghnéithe éagsúla den traidisiún pobail. Sa bhliain 2007, foilsíodh an 75ú imleabhar de Béaloideas mar chomóradh 80 bliain ar bhunú an Chumainn.

Tá sé de cheart ag baill an Chumainn freastal ar léachtaí agus cóip de Béaloideas (a bhfuil fáil air go bliantúil faoi chlúdach crua) a fháil ach an táille bhliantúil a íoc.

€35 an gnáthráta (€15 do mhic léinn agus seanóirí) agus €50 d’instititiúidí (+ €5 postas)

Membership Rates 2021

 

Seoladh

An Cumann le Béaloideas Éireann,
f/ch. CnuasachBhéaloideas Éireann UCD,
Áras Newman, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.

Guthán: (01) 716-8216
Ríomhphost: eolas@bealoideas.ie
Idirlíon: www.bealoideas.ie

 TOP