I 1974, d’aistrigh an Roinn Oideachas an cnuasach ollmhór ceoil agus amhrán a chuir Breandán Breathnach, nach maireann, le chéile chuig an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cruthaíodh Rannóg an Cheoil Tuaithe mar chuid de Roinn Bhéaloideas Éireann mar thoradh air sin.
Tá roinnt cnuasaigh eile cheoil agus amhrán ag Rannóg an Cheoil a bhí curtha le chéile ag Coimisiún Béaloideasa Éireann. Cuireadh go mór le raon agus doimhne an cheoil tuaithe agus an ábhair amhráin a taifeadadh ó na 1970idí i leith trí obair an sainbhailitheoir ceoil agus amhrán, Tom Munnelly, in éineacht le baill eile foirne i Roinn Bhéaloideas Éireann.
Chomh maith le taifeadtaí fuaime, coimeádtar cnuasach mór lámhscríbhinní agus leabhar a phléann le beagnach gach gné a bhaineann le ceol, amhráin agus damhsa i Rannóg an Cheoil. Ar na cinn is suimiúla díobh sin, áirítear sraith leabhar amhrán sa Bhéarla, cuid acu a foilsíodh san 18ú céad, chomh maith le cnuasach tábhachtach bailéad mórbhileoga.
Áirítear ar an gcnuasach, céad eagráin de mhórshaothair a bhaineann le ceol agus damhsa, le Edward Bunting, George Petrie, agus Francis O’Neill; páipéir bhailithe scoláirí agus bailitheoirí ceoil, cosúil le Fionán Mac Coluim agus Dónall Ó Súilleabháin; chomh maith le cnuasach mór taifeadtaí a eisíodh go tráchtála, a bhaineann go príomha le ceol traidisiúnta, ceirníní 78-rpm, LP-anna, caiséid agus dlúthdhioscaí.
Tá Rannóg an Cheoil lonnaithe i seomra A207c, Áras John Newman, Belfield,
UCD. Féadtar cuairt a thabhairt ar an Rannóg ach glaoch a chur ar (01) 716
8439 chun coinne a dhéanamh nó ríomhphost a chur chuig:
simon.oleary@ucd.ie or anna.bale@ucd.ie.
Ceol Tuaithe na hÉireann
|
|
|
| An bailitheoir ceoil Tom Munnelly | An fidléır Mickey Doherty | An píobaire Johnny Doran |
Samplaí ceoil & amhránaíochta
| Teideal: Teideal: “An Jug Mór is é Lán”, amhrán le Cáit Ní Mhuimhneacháin |
|
Tagairt:
Tagairt: 2_Chattering Magpie.aiff
Fad: Fad: 1 nóiméad 13 soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
| Teideal: Teideal: “The Chattering Magpie”, leis an bhfidléir Aggie White |
|
Tagairt:
Tagairt: 2_Chattering Magpie.aiff
Fad: Fad: 1 nóiméad 7 soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
| Teideal: Teideal: “Caoineadh”, amhrán le Seán Ó Conghaile |
|
Tagairt:
Tagairt: 3_Caoineadh.aiff
Fad: Fad: 1 nóiméad 5 soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
| Teideal: Teideal: “Cherish the Ladies”, leis an bhfidléir Michael Coleman |
|
Tagairt:
Tagairt: 4_Cherish the Ladies.aiff
Fad: Fad: 55 soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
| Teideal: Teideal: “An Chúileann”, leis an bpíobaire Johnny Doran |
|
Tagairt:
Tagairt: 5_An Chuileann.aiff
Fad: Fad: 1 nóiméad 9 soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
| Teideal: Teideal: “The Swallow’s Tail”, leis an bhfidléir Mickey Doherty |
|
Tagairt:
Tagairt: 6_Swallows Tail.aiff
Fad: Fad: 1 nóiméad 53soicind |
| Cliceáil anseo le héisteacht leis |
Go dtí an barr