Páirtnéireacht is ea Dúchas.ie idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus Fiontar agus Scoil na Gaeilge (DCU). Tá an pháirtnéireacht bunaithe ar réimsí éagsúla scileanna agus saineolais an dá aonad a thabhairt le chéile chun bunábhar an Chnuasaigh a chaomhnú go digiteach, agus chun saibhreas agus ilghnéitheacht an ábhair úd a chur i láthair an phobail ar bhealach cruthaitheach nuálach ar an suíomh www.duchas.ie.
Cuireadh tús leis an tionscadal sa bhliain 2012. Cuireadh córas bainistíocht agus eagarthóireacht i bhfeidhm le haghaidh meiteashonraí agus ábhar cartlainne Chnuasach Bhéaloideas Éireann a thiomsú. Go dtí seo, tá thart ar 500,000 leathanach lámhscríbhinne de chuid Bailiúchán na Scol digitithe agus foilsithe ar líne. Tá ábhar béaloidis agus staire ó fhormhór de pharóistí an tSaorstáit (mar a glaodh air ag an am) le fáil sa bhailiúchán seo.
San am i láthair tá ar chumas úsáideoirí:
Tá torthaí fónta bainte amach ag an tionscadal go dtí seo agus tá aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag an suíomh mar acmhainn luachmhar dóibh siúd a chuireann spéis i mbéaloideas, i gcultúr agus in oidhreacht na hÉireann. Sa tréimhse 2017-19 beidh an fhoireann ag díriú ar ábhar ón Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní agus an Bailiúchán Grianghraif a dhigitiú agus a fhoilsiú.
Is iad príomhchuspóirí an tionscadail do 2017 ná: