<< Béaloideas na hÉireann
|
13.11.2009
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
|
|
Seoladh Labharfad le Cách
|
Leathchéad bliain tar éis bhás an scéalaí Peig Sayers, tá cnuasach nua dá cuid scéalta agus seanchais ar fáil sna siopaí. Tá beagnach 30 mír mar aon le nótaí agus aistriúcháin sa leabhar seo, a bhuíochas de na húdair, an tOllamh Bo Almqvist, atá ag plé le saothar an bhanscéalaí seo le fada an lá, agus an Dr. Pádraig Ó Héalaí (ar chaith a mháthair roinnt blianta ag teagasc sa Bhlascaod Mór). Is iad New Island a d’fhoilsigh an leabhar, de thoradh ar chomhoibriú idir RTÉ, Cnuasach Bhéaloidas Éireann agus Comhairle Bhéaloideas Éireann. Is éard atá ann ná trascríobh ar scéalta a thaifead Radio Éireann agus an BBC sna 1940idí agus na ‘50idí.
Tá cuma álainn ar an leabhar seo, agus dhá dhlúthdhiosca de na buntaifeadtaí ag gabháil leis – a bhuíochas de Harry Bradshaw, a bhfuil athmháistriú cumasach déanta orthu. Molaimid go mór an saothar seo. Bainfidh lucht an bhéaloidis agus na scéalaíochta an-taitneamh as, agus cuirfidh sé ar súile na nglúnta sin ar cuimhin leo an bheathaisnéis Peig óna laethanta scoile a fheabhas is atá Peig Sayers ag insint scéalta.
|