Nuacht & Imeachtaí

Cnuasach Bhéaloideas Éireann le háireamh ar Chlár Chuimhne an Domhain UNESCO

Mar aitheantas ar an "tábhacht dhomhanda" agus "an luach domhanda thar na bearta don chultúr" tá Cnuasach Choimisiún Bhéaloideas Éireann 1935-1970, atá faoi chúram anois ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le háireamh ar Chlár Chuimhne an Domhain UNESCO.

Tá 427 cnuasach ar fad ar an gClár, ina measc an Magna Carta, Dialann Anne Frank, Taipéis Bayeux agus Leabhar Cheanannais (an t-aon ábhar eile as Éirinn - a cláraíodh in 2011).

Bhí athrú mór ag teacht ar an saol in Éirinn faoin mbliain 1928.  Mar a dúirt TK Whitaker “bhí sean-nósanna, amhail cruinniú ar an teallach ag scéalaíocht, á dtréigean. Bhí cultúr ar leith i mbaol, gan cuntas, bheadh sé imithe go brách.”

Bunaíodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann i 1935 chun béaloideas agus oidhreacht chultúir na hÉireann, a bhí faoin tráth sin i mbaol agus ag dul i léig, a bhailiú agus a chaomhnú. I 1971 aistríodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann, an fhoireann agus a chuid sealúchas go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar mhaithe lena fhorbairt agus a chosaint.

Cnuasach Choimisiún Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar cheann de na cartlanna traidisiún is saibhre agus is éagsúil sa domhain.

Tugadh faoi na mílte taifeadtaí fuaime de chaint i nGaeilge ar feadh na mblianta chomh maith le hamhráin agus ceol a thógáil. Bailíodh grianghraif, sceitsí agus léaráidí freisin.

Tá beagnach 4,000 lámhscríbhinn ann d'agallaimh [trascríbhinní] chomh maith le scéalta dúchasacha gaisce, seanscéalta iontais, eachtraí áitiúla, filíocht, traidisiúin agus seanchas faoi logainmneacha, i nGaeilge agus i mBéarla. Déantar cur síos ríluachmhar sna hagallaimh seo ar chultúr ábhartha na hÉireann ar a n-áirítear ailtireacht na háite agus sochaí thraidisiúnta na hÉireann.

Mar chuid den chnuasach freisin tá píosaí scannánaíochta agus fuaime ó na 1940í de sheanchaithe mar Peig Sayers agus de dhrámaíocht phobail na hÉireann mar "lucht an Dreoilín" agus "Cleamairí".

Sa chnuasach freisin tá na mílte taifeadtaí ar dhioscaí aicéatáite de chainteoirí dúchais Gaeilge ó na 1940í/50í chomh maith le bailiúchán suntasach de thaifeadtaí ar théipeanna maighnéadacha ar ardchaighdeán ó na 1950í amach go dtí na 1960í.

Bhí bailitheoir is fiche [agus neart eile go páirtaimseartha agus go deonach] fostaithe ag an gCoimisiún ag amanna éagsúla, go leor díobh i gceantair Ghaeltachta faoin tír in Éirinn.

Tá suas le 80,000 grianghraf (claonchlónna agus tréshoilseáin) sa Chartlann a ghlac oibrithe allamuigh an Choimisiúin mar aon le cnuasach mór de phéintéireachtaí agus tarraingtí.

I 1992 bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain mar fhreagra ar an tuiscint a bhí ann, agus a bhí ag méadú, go raibh ábhar oidhreachta in áiteanna éagsúla ar fud an domhain i mbaol ceal caomhnaithe agus rochtana. Ba mheasa ná sin an scéal mar ghealla ar chogadh, suaitheadh sóisialta chomh maith le heaspa acmhainní leis na céadta bliain. Ní hé an deireadh céanna a bhí ag bailiúcháin mhóra éagsúla ar fud an domhain. Goideadh ábhar, scaipeadh é, rinneadh trádáil mhídhleathach air nó scriosadh é.   Bhí ábhar á choinneáil in áiteanna nach raibh oiriúnach nó ní raibh dóthain maoinithe ann d'obair chaomhnaithe. Tá cuid de na cnuasaigh anois imithe go brách; tá go leor eile i mbaol.

Bunaíodh Clár Chuimhne an Domhain UNESCO - atá ar go leor bealaí ar an ngné is feiceálaí de Chlár Gnó Chuimhne an Domhain - ar Threoirlínte Ginearálta 1995 agus tá méadú tagtha air le sealbhúcháin a ceadaíodh ag cruinnithe den Choiste Comhairleach Idirnáisiúnta.

Ag caint ar an ainmniúchán cliúteach seo dúirt Joe McHugh T.D Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin,

"Tá áthas orm go bhfuil gradam Clár Chuimhne an Domhain UNESCO bainte amach ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Dearbhaíonn an gradam tábhacht an chnuasaigh, ní amháin in Éirinn ach go hidirnáisiúnta. Tá an chartlann seo, a thiomsaigh Coimisiún Bhéaloideas Éireann le cúram agus le díograis, ar cheann de na cnuasaigh dá shórt is mó ar domhain. Áirítear os cionn 4,000 lámhscríbhinní, suas le 80,000 míle grianghraif agus os cionn 10,000 uaireanta an chloig de thaifid fhuaime ann. Cuireadh an obair seo i gcrích fad is a bhí athruithe móra teanga, shóisialta agus cultúrtha ag tarlú in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil cuntas luachmhar, leithleach de shlí bheatha agus caithimh aimsire dúchasach na ndaoine caomhnaithe dúinn. Le blianta beaga anuas tá míreanna suntasacha den chnuasach digithe agus foilsithe ar an suíomh gréasáin www.duchas.ie, agus táim ag tnúth le go leanfar leis an obair seo.

Is féidir teacht ar an ainmniúchán iomlán ar shuíomh UNESCO anseo: http://bit.ly/2nvpASz

___________

 

Tionól Béaloideasa & Eitneolaíochta 2017

Reachtálfar Tionól Béaloideasa & Eitneolaíochta Dé Satharn an 25ú Samhain (9.30am-6.30pm) san Institiúid Don Léann Daonna, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tá sé saor in aisce freastal ar an ócáid, agus tá fáilte roimh cách!

TIONOL_POSTER_2017

TIONOL_CLAR_2017 

 

 

LÉACHT POIBLÍ: 25 Meán Fómhair 2017, 7.00pm, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, BÁC 2.

Paul Rouse: The Death of Hurling

When the GAA was founded in 1884, it pledged itself to revive the game of hurling. The official history of the Association tells of a game that was dead – or almost dead – before Michael Cusack set upon its rebirth against the backdrop of cultural revival in Ireland. This talk will examine the history of hurling in the years between the Great Famine and the founding of the GAA. Using questionnaires from the National Folklore Collection and a wealth of other national and international sources, an alternative history of hurling will be offered that examines what happens to an ‘ancient sport’ at a time of intense social change.

Léachtóir le Scoil na Staire UCD is ea Paul Rouse, údar ar Sport and Ireland: A History (OUP, 2015), a bhfuil go leor scríofa aige faoin iomáint.

 

___________

Fáilte chuig suíomh úr Chnuasach Bhéaloideas Éireann! Tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh gréasáin seo treoir don phobal maidir leis na cnuasaigh éagsúla béaloidis atá ar fáil sa Chnuasach agus pé imeachtaí agus tionscnaimh atá ar bun againn.

I dtaca le seoladh an tsuímh úr, tá eagrán nua de Blúiríní Béaloidis, podchraoladh míosúil ó Cnuasach Bhéaloideas Éireann, á eisiúint. Tá sé mar aidhm ag na podchraolta seo gnéithe éagsúla dé bhéaloideas na hÉireann (agus na hEorpa trí chéille) a phlé agus samplaí d’ábhar dhúchasach a chur i láthair. Baintear leas as foinsí cartlainne – idir taifid fuaime, téacsanna lámhscríbhinne agus téacsanna foilsithe – le saibhreas agus doimhneacht dár n-oidhreacht chultúrtha a chur ar fáil don éisteoir.

Díríonn podchraoladh na míosa seo ar theacht an Fhómhair, tréimhse sona sa tseanshaol ina raibh deireadh le ganntanas ‘Mí an Ocrais’ (mí Iúil) nuair a bhí stór na bliana nach mór ídithe. Bígí linn mar sin, agus muid ag cur síos ar shuaimhneas is ar thaitneamh na laethanta seo, ina raibh airneán agus ceol le clos ar bharr chnoic, comórtais nirt agus lúthchlis, agus marcaíocht lomnochtaithe ar chapaill le feiscint, gan trácht ar ‘sprid an Fhómhair’. Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an podchraoladh ón siopa iTunes, nó ón leathanach Soundcloud seo.

 

 TOP