Skip navigation

ucd_wide_banner_img.gif
Cuardaigh UCD

 
 

Scéim Bhéaloideas na Scol (1937-38)

Sa bhliain 1937, chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann, tús le scéim réabhlóideach inar tugadh spreagadh do leanaí scoile chun béaloideas agus stair áitiúil a bhailiú agus a dhoiciméadú.
Le linn thréimhse ocht mí dhéag, spreagadh 100,000 éigin dalta i 5,000 bunscoil sna sé chontae is fiche de Shaorstát Éireann chun ábhar béaloidis ina ndúichí baile a bhailiú. Ar na hábhair ar cuireadh na leanaí ag déanamh taighde agus ag scríobh fúthu, áiríodh stair agus séadchomharthaí áitiúla, scéalta béaloidis agus finscéalta, tomhaiseanna agus seanfhocail, amhráin, nósanna agus creidimh, cluichí agus caithimh aimsire, cleachtais oibre agus ceirdeanna traidisiúnta, srl. Bhailigh na leanaí go príomha óna dtuismitheoirí agus a seantuismitheoirí agus daoine eile níos sine sa phobal áitiúil nó i ndúiche na scoile. Bailíodh breis is leath milliúin leathanach lámhscríbhinní d’ábhar an-luachmhar mar thoradh ar an scéim, ar a dtugtar Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol anois.

Go dtí an barr


school-photo-01-160-148.jpg school-photo-02-160-148.jpg school-photo-03-160-148.jpg
Máistir damhsa agus scéalaí cáiliúil, Séan Mhichíl Grumail Leanaí i dteach an scéalaí, Bean Brigid McGinty Leanaí ag súgradh

Déanann Leabharlann agus Cartlann Fhíorúil Taighde na hÉireann (IVRLA) óstáil ar dhá fhochnuasach ábhair dhigitithe ón gcnuasach uathúil seoLeabharlann agus Cartlann Fhíorúil Taighde na hÉireann (IVRLA)

  • 1) Cúig imleabhar iomlána (thart ar 700 aiste) de chuid Bhailiúchán na Scol ó scoileanna i gceantair Charna agus Bhéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe. Leabharlann agus Cartlann Fhíorúil Taighde na hÉireann (IVRLA) Leabharlann agus Cartlann Fhíorúil Taighde na hÉireann (IVRLA)
  • 2) Thart ar 2,400 aiste faoin ábhar “Mo Cheantar Féin”, cuntais thopagrafacha faoina gceantar áitiúil féin, ar spreagadh do leanaí scoile a scríobh. Cuirfear iad seo ar fáil ar líne go luath.

Go dtí an barr

Illustration of children receiving milk
Cnuasach Bhéaloideas Éireann