Skip

UCD Search

 
 

Lárionad de Bhaldraithe

Cúrsaí

Cuireann Lárionad de Bhaldraithe cúrsaí iarchéime ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo sainscileanna Gaeilge a fhoghlaim agus taithí ghairmiúil a fháil ar réimsí nuálacha agus dóibh siúd ar mhaith leo forbairt ar staidéar bunchéime agus tógáil ar chúrsaí taighde.
 

MA/Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid


Íoslódail an bróisiúr don MA/Dioplóma Iarchéime sa Scríobh agus sa Chumarsáide 2015-2016 anseo: MASC-2015
‌.

Bróisiúr MA: S&C Cover 

divider thin  

Teistiméireacht ó Chara Nig Fhearraigh, MASCG 2010-11
(Comhairleoir le Comhairleacht Éireannach Bhruiséil)

"D’éirigh liom post a fháil i Rannóg a bhain le cúrsaí dlí, cúrsaí idirnáisiúnta agus cúrsaí idirinstitiúideacha laistigh den DGT, sa Choimisiún Eorpach agus faoi láthair táim fostaithe mar chomhairleoir le comhairleacht Éireannach sa Bhruiséil. Gach aon lá, úsáidim na scileanna eagarthóireachta agus scileanna cumarsáide a d’fhoghlaim mé le linn an chúrsa MASCG.

Thug an cúrsa MASCG an deis dom, scileanna ilghnéitheacha agus idirmhalartaithe a fheabhsú agus a fhorbairt, scileanna atá ag teastáil go géar i ngach uile slí bheatha sa mhargadh iomaíoch atá ann faoi láthair."

   

Buaiteoirí Duais De Bhaldraithe
 

  • Séamus Ó Meachair:

Tá Séamus ar scoláireacht Fulbright in St. Thomas University, Minnesota.

  • Méabh Ní Thuathalláin

Is iriseoir gairmiúil agus láithreoir raidió í Méabh.

  • Oisín Mac Eoin

Is múinteoir meánscoile é Oisín.

  • Lucy Moylan

Is comhairleoir polaitíochta d’fheisire de chuid Phairlimint na hEorpa í Lucy anois.

 

Right hand Side image for the Fuinn page.