Skip

UCD Search

 
 

Lárionad de Bhaldraithe

Noel Ó Murchadha

Noel Ó Murchadha

 

As An Rinn sna Déise do Noel Ó Murchadha ó dhúchas. Bhain sé bunchéim amach sa Chorpoideachas agus sa Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2008 agus bhain sé céim dhochtúireachta amach san ollscoil chéanna sa bhliain 2012 le tráchtas a scríobh sé ar Shochtheangeolaíocht na Gaeilge.

 

Tá tréimhsí caite ag teagasc aige in Ollscoil Luimnigh agus in Ollscoil Choláiste Naomh Micheál in Ollscoil Toronto. Luíonn a chuid taighde isteach ar ghnéithe de Shochtheangeolaíocht na Gaeilge. Tá ailt scríofa aige ar chaighdeánú na Gaeilge, ar an éagsúlacht agus ar an aistriú teangeolaíochta sa Nua-Ghaeilge agus ar an nasc idir an aird ar an éagsúlacht teanga agus an t-aistriú teanga faoi na cúinsí athraitheacha sóisialta a shainíonn an nua-aoiseacht dhéanach.