Bua ag scoláirí UCD ag ‘Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011
Bhain foireann ó UCD, Anna Ní Uiginn agus Barra Ó Leidhin, an chéád áit i mBréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011 le gairid, ag an gcraobh sna Ceithre Chúirt. Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an dlí, in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, atá sé á reáchtáil ag Gael Linn le ceithre bliana déag anuas. Bhí líon mhór iontrálacha ann arís i mbliana, ina measc foirne ó Óstaí an Rí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is breithiúna den Ardchúirt, An tOnórach Mary Laffoy agus An tOnórach Henry Abbott, a bhí mar mholtóirí agus chuidigh Conor Ó Briain, Aturnae, leo.Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar Anna agus Barra, a ghlac taobh an fhreagróra. Tháinig foireann Óstaí an Rí (Fiona Sheehan agus Eoin Ó Canainn, a throid an cás don achomharcóir) sa dara háit agus fuaireadar duais €300.
Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn ‘Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí ar Bréagchúirt Uí Dhálaigh. Toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá níos mó deiseanna fostaíochta anois ann ná riamh i gcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge. Le Bréagchúirt Uí Dhálaigh, is féidir le mic léinn barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta os comhair breithiúna de chuid na cúirte.’
Déanann Scoil an Dlí comhghairdeas le hAnna agus le Barra, mar gheall ar an rud atá bainte amach acu.
An tOnórach Mary Laffoy agus An tOnórach Henry Abbott, Breithiúna den Ardchúirt, in éineacht le foireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Anna Ní Uiginn agus Barra Ó Leidhin, tar éis a mbua ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011
The Honourable Mary Laffoy and the Honourable Henry Abbott, Judges of the High Court, with the UCD team, Anna Ní Uiginn and Barra Ó Leidhin, after their victory in Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011
UCD students win ‘Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2011’
A team from UCD,Anna Ní Uiginn and Barra Ó Leidhin, recently won first place in the 2011 Gael Linn Bréagchúirt Uí Dhálaigh at the final in the Four Courts. This Irish language moot court is organised annually by Gael Linn in memory of the late Cearbhall Ó Dálaigh, former President and Chief Justice of Ireland. The competition is for third level law students who are fluent in the Irish language and provides a platform for aspiring young solicitors and barristers to practise their court room skills. Now in it’s fourteenth year, Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn once more attracted a large number of entries, including teams from Kings Inns, University College, Cork and University College, Dublin. The final was presided over by High Court Judges, The Honourable Mary Laffoy and The Honourable Henry Abbott, who were assisted in their adjudication by solicitor Conor Ó Briain.
Anna and Barra, who argued the respondents case, were presented with a cheque for €600 along with the Gael Linn Perpetual Trophy, while the runners-up from Kings Inns (Fiona Sheehan and Eoin Ó Canainn, who argued for the appellant)received a cheque for €300.
Presenting the prizes, Gael Linn CEO Antoine Ó Coileáin said ‘Gael Linn is pleased that Bréagchúirt Uí Dhálaigh is proving so popular with law students. As a result of the official status of Irish both at home and in the EU, career opportunities for lawyers with high competence in Irish have never been better. Bréagchúirt Uí Dhálaigh gives students an opportunity to display their advocacy skills in an authentic courtroom setting before practicing judges’.
The School of Law congratulates Anna and Barra on their achievement.



