Skip navigation

UCD Search

 
 

You are Here: Home >>News

Léacht faoin nGaeilge agus an Dlí

Thug an tUasal John O'Dowd léacht speisialta le déanaí dar teideal "An Ghaeilge agus an Dlí." Stádas dlíthiúil na teanga a bhí faoi chaibidil aige, go háirithe ceart duine an Ghaeilge a úsáid i gcúirt nó i ngnóthaí cúirteanna, cibé acu i gcás sibhialta nó i gcás coiriúil. Phléigh sé breithiúnas ón Ard-Chúirt agus ón gCúirt Uachtarach a bhain leis an ábhar sin. Rinne sé tagairt ghairid freisin d'achtú reachtaíochta, d'eisiúint ionstraimí reachtúla agus don éifeacht a bhí ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar úsáid na teanga. Ba iad mic léinn de chuid Teach Gaeilge don chuid is mó a bhí sa lucht éisteachta. I ndiaidh an léachta bhí deis ag mic léinn na ceisteanna seo uilig a phlé leis an Uasal O'Dowd agus cuireadh soláistí ar fáil do chách.

Eagraíodh an léacht seo i gcomhar le Scéime Chónaithe Bhord na Gaeilge ar champas agus le tacaíocht ón gCumann Gaelach; tá buíochas ar leith tuillte ag Peadar Ó Lamhna (1 Dlí le Polaitíocht) as ucht na hoibre atá déanta aige in eagrú na hócáide.

 

 

Lecture on Irish and the Law


John O'Dowd recently gave a special lecture on the Irish language and the law, organised as part of Bord na Gaeilge's residential scheme and supported by Bord na Gaeilge. Thanks are due to Peadar Ó Lamhna (1 Law with Politics) for his work in organising the event.

 

Back to News & Events index