Skip navigation

University College Dublin Logo
SEARCH UCD

Advanced Search
 
 
 

UCD News

Nuacht UCD

Posted: 12 March 2008

As Bearla >>

Tugann an tOllamh Samantha Power léacht ar Chasing the Flame: Sergio Vieira de Mello and the Fight to Save the World

‘An fear is tábhachtaí nach bhfuil aithne ag éinne air’. Maraíodh Sergio Vieira de Mello sa chéad mórbhuama féinmharaithe i mBagdad san Iraic i mí Lúnasa 2003. Ní raibh sé gortaithe go marfach i dtosach, ach fuair sé bás toisc nach raibh aon achmhainní chun é a scaoileadh ón mbrablach a raibh sé faoi. Mhair sé agus labhair sé ar feadh trí huair a chloig sular bhásaigh sé.

Lean Sergio Vieira de Mello na cinnlínte nuachta. Bhí bua aige i dtaobh coimhlint pholaitiúla. Bhí a shaol gearr lán le scéalta faoi chainteanna síocháin agus cearta daonna, frustrachas agus éagobhsaíocht pholaitiúla.

Cé go raibh an-chuid taithí aige le socruithe síocháin a bhaint amach le stáit fhoréigeanacha, dúradh gurb é an tasc deireanach a bhí aige ná ‘an tasc is deacra dá shaol oibre: Toscaire Náisiún Aontaithe a chur chun na hIaráice.
Bhí scil chaibidilíochta ar leith aige, bhí sé in ann ceannairí foréigeanacha a chur ag caint agus rinne sé iarracht muinín a chothú idir é féin agus an ceannaire.

‘Stop sé i bhfad ó shin ag creidiúnt go raibh réitigh aige le fadhbanna na háite, ach d’fheabhsaigh sé an bua le ceisteanna a chur a chuidigh le smaointí cabharacha a nochtú’. Tá tionchar mór agus fadtéarmach fágtha i ndiaidh an tArd-Choimisinéir um Chearta Daonna Brasíleach de Mello ar pholaitíocht an domhain. Bhíodh de Mello ag streachailt le ceisteanna móra ar nós: ‘Cathain ar cheart dul i dtreis le maraitheoirí, agus cathain ar cheart iad a sheachaint?’

D’inis Samantha Power scéal Sergio Vieira de Mello le lucht féachana a bhí faoi dhraíocht aici ag Institiúid John Hume don Staidéar Éireannach Domhanda COBÁC. Is í Samantha Power an tOllamh Anna Lindh ar chleachtas ar Cheannaireacht Domhanda agus Cleachtas Polasaí Poiblí ag Scoil Rialtais in Ollscoil Harvard. Bhí sí ar cheann de phríomhchomhairleoirí Barack Obama go dtí 7 Márta, ach de bharr cur síos thug sí ar Hillary Clinton mar ‘ollphéist’(a lúadh le déanaí sa Bhreatain Mhór) bhí uirthi éirí as a post an lá tar éis di a bheith ag labhairt ag COBÁC. D’éirigh as an bpost ionas nach mbeadh aon dhrochthionchar ag a ráiteas ar fheachtas Obama. Bhí an tOllamh Power mar thacadóir gníomhach de chuid Obama agus dúirt sí gur físí a bhí ann agus uirlis athraithe araon. Léirigh an tOllamh Power na cosúlachtaí idir eiticí de Mello agus polasaí eachtrach Barack Obama. Luaigh sé freisin ‘go raibh cosúlachtaí le brath idir iompair na bhfear i dtreo an domhain’
Luaigh sí go raibh ceachtanna le foghlaim ó shaol Sergio Vieira de Mello agus a thaithí mar dhaonnúlach agus mar chaibidleoir.

Dúirt sí go mbeadh na ceachtanna oiriúnach agus iad a chur i bhfeidhm ar Pholasaí Eachtrach Mheirceá. Ag machnamh ar shaol agus obair de Mello dúirt sí ‘go raibh múnlaí ratha le brath i saol Sergio’.

Tá leabhar Samantha Power ‘Chasing the Flame’ foilsithe ag Penguin ar fáil ó cheann ceann na tíre.

>> More News and Events
<< Back to Home

Professor Samantha Power lectures on Chasing the Flame: Sergio Vieira de Mello and the Fight to Save the World