A Poem by Gilbride MacNamee in Praise of Cathal O’Conor

Author: Giolla Brighde Mac Con Midhe

Editor: E. C. Quiggin

An electronic edition


view the header | view the translation | view MS 23 F 16 on ISOS



p. 168.

(MS p. 314a)

1. Tainic an Croibhdherg go Crúachain,
a chomhardha achiú ’na láimh,
fríoth ó airmbertaib na n-éurlamh
tairrngertaigh críoch bferglan bFáil.

2. Tainig mar do-thairrnghir Berchán
baisderg Cruachna, cert ar rús,
do-gab um Charn Fráoich a righe,
do-balbh gáoith na tíre ar tús.

3. Do-toirthigh Croibhderg na Cruachna
coillti úaine an feruinn te,
gach call bán da mbenfa farcha
go bferfa lán dabhcha dhe.

4. Ioth a ttalmhuin tuc a righe,
do-rad bláth tre bharraibh gég.
doroighne dairmes do dhoire
aighnes choinnle gloine Grég.

5. Aithne ar an rígh do-rad Banbha,
bisech ráithe rug ré mís.
an choill do baoi ar crioth don críne
gur láoi ioth ’na ríghe arís.

6. Tiogfa an toradh da ttí an foghmar
go flaith Gaillbhe an greadha lúaith,
días ar dhéis, crobhuing ar crobhuing
bhías ó Cheis Choruinn go Crúaich.

7. Sloinnfiod dháib, a fhiora Eirionn,
égcoscc Cathail, claisdidh riom,
sé ’s a lethbas chlé arna corcradh,
is é an gealchas foltghlan fionn.

8. Cosmail barr a bhais[e] deirge
re druim sgéith lé sgáoilter rúaig,
cosmhail barr a ghlaice gile
ré tarr slaite ige úaid.

9. Gile ina leine an lá gealtar
a ghlac gasda mur gha a gréin.
a lámh chle as beg ar ar báine
’na gne leg a fainne féin.




p. 170.

10. A lámh meic Toirrdhelbaigh Teamhrach
do-thairngir Marbhán nach mair,
fúarais comhardha ó mhac Muire
[s]lat ro-Bhanbha uile air.

11. A bhas Croibhdheirg choinnle Tuama,
is tú as caoimhe adconnarc féin,
samhail ’gud bhois núidhe neimhnigh
re cois glúine neimhghil Néill.

12. Gabhais thios fa a troighidh mbuinnghil
bróig ndubdhoinn go ndruimnibh snáith,
ma a bhais n-áluinn leabhair lethdhuinn
geabhuidh lamhuinn mbreacchuirr mbláith.

13. Gabhuis uime ar n-eirge a mochtráth
matal sgarláoid, sgiamhda a corp,
matal ríogh mallshúilech Múaidhe
dalldhuinech, sdiom úaine ort.

14. Da mbeith ’na garrdha gáir chatha
ní clos thall ré tighe an tslúaigh,
docluinter sanas ann uile
in tann gabhas duine a dhúain.

15. Ni choisgfed cuig cuigidh Eireann
oirecht Cathail in chuil tais.
coisgidh camdhúain bhaird nó bruiling,
glanshlúaigh an aird chúilfinn chais.

16. Toirrdhealbach mór airdrigh Eirionn
athair an ríog ó Ráith Floinn
da bfechtar cia bhus ferr athair
dosía geall Chathail da chloinn.

17. Mac Toirrdhealbaigh trilis gheugach,
geal a cholpa, corcra a bhas,
nochar gabh céile mur Chathal
Eire ar ndol a athar as.

18. Aghaidh thes re taoib na Sionna
sáorchlann Crúachna in comráidh bhinn;
aghaidh thuaidh ’ga lecain leabhair
’gun Múaidh mbreacaigh ealaigh fhinn.




p. 172.

19. Aghuidh a cCrúachain moir Mheadhbha
mac Toirrdealbaig trilis nocht,
cuirn medha ime aga n-ibhe,
gille geala ag fidhe a bfolt.

20. Créd do-mhedhruigh mná na cruinne
fa Connochtuibh Chnuic an Sgáil?
créud atá a ngruaidhibh in giolla
do-bhuaidhir mná fionna Fáil?

21. An teine mhór nó an miodh deighriogh
do-derg aghaidh rí Ros Cré?
nó aní an ferg do-gríos a grúaidhe
no in derg bhíos gach n-úaire é?

22. Ruithnedh an éusga an úair ghontar
ngrúaidhibh Connacht on Chéis,
aighthe an tshlúaigh mar gríos na gréine
an uair bhíos Eire da éis.

23. Rí Buille na bíodh gan tionol
ar ttecht chuige ar cenn a bhó,
rí Crúachan nocha ttéid troighid
beith uathad is doiligh dhó.

24. Eirge moch a maidin shámhraidh
do seailg fhiadh da erla cas,
drúcht ar in bfeór, lon ag labra,
réod ar ndol a anma as.

25. Groidhe lúatha laimh re Sionainn
ar srathaibh gorma is geal bláth,
sgor sheng ar srathaibh na Múaidhe,
lachain chenn uaine ar gach n-áth.

26. Uille gach abhla re talmhuin
a ttír Chathail Cruachna hAoi,
gach coll úr re heigin innte
léigidh a ghlún fillti fáoi.

27. Gach cnú chorr ag cur a bláoisce
fa bhun slaite ar slios túir,
grainne buidhe ag cur a chochuill
fa bhun muine fhochaim úir.




p. 174.

28. Crobuing derg ar duillib corcra
ar choilltibh uaine an fhóid mhín,
tig anúas ’na ttáosgaibh troma
cnúas go mbláosgaib dona dhíbh.

29. Leth Cuinn riamh ar ríoghraidh Temhrach
atá ar lár an Leabhair Ghirr,
do Leith Mogha do-budh meradh
dola a leith na leabhar linn.

30. Neimhcert lem od láimh, a Croibhdheirg,
ag comhroinn Fhódhla in fhóid buig,
leis an lucht tuaidh an treas rogha,
Es-rúaidh is Es-dara dhuid.

31. Ni lamh nech do chloinn an Croibhdheirg,
cromadh slaite ar son a cnó,
gach slat chuill re crúas a smachta
a cnúas ni buing dalta dhó.

32. Cert idir charuid is námhuid
doní leómhan Linne Féig,
tiogfa síon bhalbh ina breathuibh,
ní mharbh fhior ’s ni bhethuid bréig.

33. D’Ó Chonchobhair is cáin airdrig
argain bhaile a mbláosguibh cnó,
a cháin a ccaolach a ghealcholl
búdh táin láoghach bhenncorr bhó.

34. Smacht Í Chonchobhair Chnuic Múaidhe
da gach meirlech do-mhuin cheill,
ma fuair boin nó each ar iarraidh
do-ghoir neach a fíadhuin féin.

35. A chruidh oram fhichid loilghech
laimderg Cruachna in comráidh mhín,
budh cuairt bhó da mbía ’na dheghthoigh,
do-sía a dhó ’san dechmaid dhíbh.

36. Ó do-ríoghsat ríogradh Connacht
Cathal Croibhderg caruid mná,
ní bhí gart dall ina dhomhan,
lacht ann is toradh ata.

Táinic.



© 2006 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window