A Portrait

Author: unknown

Editor: J. G. O’Keeffe

An electronic edition


view the header | view the translation



p. 246.

1. Aigneadh m’fhir chomtha chridhe
ná hiarr d’omhan oirbhire,
más fhéider go bhfaghthaoi sin
éigen nach faghthaoi a aithghin.

2. Uaigneach aignedh Úi Fhiachrach,
macámh sírshéimh sáimhbhriathrach,
bádhach le gach taobh dá ttig
’s nach grádhach ar aon d’fhichid.

3. Beart le gach beinn don dhá chlár
go feadh na fóirne dh’iompádh,
dearbhathuis a dhúl do chuir
rún cearrbhachuis mo chomthuigh.

4. Fear luaimhnioch as linn ’s as libh,
lámh le gach láimh as láidir
go feadh an dísle do dhul,
fer as dísle san domhun.

5. D’Ulltaibh a ttráith a ttreise
an fer cumainn croidheise,
do Chlár Meadhbha uair eile
go huain fheadhma a oirbheire.

6. Dubhghall é ’sas Gaoidheal glas,
ó Mhuaidh, ó Fheoir, ó Fhorgas,
Muimhnioch ’sas Midheach más neach
Lineach, Luighneach is Laighneach.




p. 248.

7. É gidh Midheach as Maineach,
Dátúnach is Díolmhaineach,
fer cúplach, Bannach, Béurrach,
Búrcach, Barrach, Builtéarach.

8. Síonón seininnse na bhfionn,
Iúdás oirir na hÉirionn,
anágh cinnte dhá chine
Canán mhillte a mhuinntire.

9. Nír cumadh fá choim na néull
ealta dá nach éun eiséun —
acht amháin an ealta ó bhfoil,
ferta más báidh an bádhsoin

10. Ná hiarr anos ’s anuraidh
dá oidhche é ar aontulaigh,
gach tulach dán goire grian
tulach an duine ón duibhshliabh.

11. Tríd sin déun ionnramh aireach
a ccaidreabh na ccomhaidheach,
dár bhflaithne ná feacadh fear,
deacar aithne na naigneadh.

Aigneadh &c.



© 2008 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window