The Dialogue between King Cormac and Fíthel

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

An electronic edition


view the header | view the translation | view MS Rawlinson B 512 on Early Manuscripts at Oxford University



p. 82.

(MS fol. 116d)

Fíthel roc[h]an inso iar n-ol fhleidi bici bríghmairi do Cormac secha & rofrecart
Cormac eisium .i. fecht bái Cormac ac ól fleidi brigmaire i Temraig. Bái dono
Fithel féigbriathrach isin baili & ni rucad d’ól na fleidhe hé. Doríacht Cormac
arabárach ina tegh rígh & atbert Fithel fris: ‘Ól atibis sec[h]am-sa aréir,
a C[h]ormaic,’ ar Fíthel. ‘Ised’, ar Cormac. ‘Nocha n-ibed h’athair sech
m’aiti-si,’ ar Fithel. Conid de rochan Fithel & rofregair Cormac.

‘M’aiti-si fíal Finngaine,
brethem robái ic Art Ainfer,
secha ní rachad d’ól
ar ór Gall ocus Gaidel.’

‘Isam gáithi ina Art,
ised bís mo smacht do shír:
is ferr moc[h]ert is mo chíall,
is mo berim breth co fír.’

Conidh and dorónsat na rvnna.

F. ‘Nvcua mé
lilfes do neoch dar a tráth:
gel gach núa, lonn cach sgíth,
ní hinnann frith fogeb cách.’

C. ‘A Fithail,
an biucán gurdar síthaig,
ní íad dochar ar rathaib,
fáthaig cid fir nach fithail.’

F. ‘A C[h]ormaic,
co méit váilli ocus orrdirc,
cid einech rígh rontidnaic,
atar dimdaig di air torbairt.’

C. ‘A Fithail,
ebur cid linn íar lithaibh.




p. 83.

bíd contracht ar in muir mór,
bíd itv iar n-ól, a Fíthail!’

F. ‘Is dom fváth
sloinnfet-sa deit cv leírluáth:
ised is mesa fvair læch,
beith ac tigerna gæth gvach.’

C. ‘Gid meisi ní cél ar nech,
bid vasal gid airdeibech,
ised is messa tic tech,
amus inaíl oirbirech.’

F. ‘Ni hail dam
serc dvine nachamcara,
nvga tornem ort mo bg,
cid cían om’ t[h]ír domrala.’

C. ‘Is gnáth o tosach domain
ór oc rígaib va rogain,
nirb aíl dam beith gan amos,
ocus roc[h]aros m’ fholaid.’

F. ‘Cian gardi caither mo ré
oc ríghaib in domain ce,
arm choemv ór ocus ech
ce gaba nech, ní ba mé.’



© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window