The Lebar Brecc Tractate on the Canonical Hours

Author: unknown

Editor: R. I. Best

An electronic edition


view the header | view the translation | view MS 23 P 16 (Leabhar Breac) on ISOS



p. 144.

1. Cid ara ndentar celebrad isna trathib-sea sechna trathib
ele. Ni annsa. Teirt ar is ínnte rodilsigead Crist o Phoint Pilait
& is ínnte tanic rath super apostolos. Hi teirt tancatar tuath
dé tar sruth nEordanen. Hi teirt roguidset na tri gilla .i. Ananias
Asarias. Misahél & Daniél fáid in coimdiu. H[i] teirt roacaíllset
tuath Íuda Crist. H[i] teirt rotuairged Iacop do shund luaige. Hi
teirt rolín rath in spirta nóib ar Ióin. Hi teirt tanic spirut
dé for apstalu fadessin. H[i] teirt rocuirtha muir Ierusalem
dar cend.

2. Medón lái immurgu; is and dorinned intíí Adam. Medon [lái]
didu dosgní Ádam immarbos. Medon lái indarbad Adaim a parrdus.
Medon lái romarb Caín Abél. Medon lái rocuirtha na tri meic
isin sornd tened la Nabcudon. Medon lái is and rocrochad Crist
& rosærad síl Á;daim & rofírad na fáithe. Medon lái luid Noe ina
airc. Medon lái tanic esti doridise.

3. Him nóin immurgu; tancatar mec Israel tré Muir Ruaid. him
nóin rotrascrad muír Heríco. Him nóin rucad Helíí i pardhus
ina charput. Him nóin doregut do chathugud fri hancrist. Him
nóin ronuall Crist hi croich. Him nóin rogoetad a chorp. Him
nóin rofháid a spirut uad. Him nóin roairg iffern. him nóin
rodorchaid in grian & roscailtset na cairrge & robrúcht in talum
& roscéidset na hádnocuil. him nóin roscailt hi nhdé fial in tempuil.
him nóin tanic dath fola dona topraib. him nóin cúmscuchad in
uli ránd & rodhorchaid in bith & tarmcrith nime & talman.

4. Hi fhescor immurgu; ídpairt inn úain oc æs rechta oc macu
Israel. IN t-uan iarom rohidpairtha indsin bá hi fhiguir Crist
rocésad dar ar cendne rognáthaigthe a ídpairt occasum. ocus




p. 146.

feib robuí inn uan sin cen chinaid oc æs rechta is amlaid buí
ar n-uanne glan nemélnide .i. mac rig nime & talman. ocus ata
a chorp & a fhuil dia éis for cech n-altóir nóib ic slanugud in uli
phopuil mád it creidmech. Hi forbu .xiiii. dognítis múinnter
Móysi in cháisc for satharn. O atraracht Crist a bás rolaad in
cháisc iarom for dómnach, dáig mortha na hesérgi.

5. Hi cóimpléit immurgu; is and rochelebair Crist seal becc réna
hirgabail dia roguid in t-athair némdai fo thrí. & curás co
hádbul a alluss.

6. Hi mmedón aidche dorígned talum & aingil nime ar chena.
hi mmedon oídche tanic in t-aingel ro rusmarb prímgene Egipte
uli. hi medón oídche rodíult Petar fa tri Crist. hi mmedon
oídche tuaslucud Poil a carcair.

7. Hi tíugnair gein Crist & a esergi a bás. Hi tíugnair
ticfa in bráth & brethemnus for cách ina áirilliud. Hi tiugnair
atreset sil nAdaim cusin fhuigell n-aurdeirc. Hi tiúgnair atrased
Crist ina coinde cona c[h]roich ndeirg fria ais do mess for cech
n-oen. uair romided mac dé o dáinib tria drochcride. Midfid-sium
for cech n-oen i n-airilliud ina rigshuide. Hi t[i]ugnair ticfa
cith shóifess in bith uli fri hoenuair & atré lassar lond de loiscfess
talum uli fri hoenuair.

8. Hi prím doratad in máind do macu Israel. Hi prím
nohídprad cach a edbartai do rer rechtai. Hi prim rucad Crist
hi congair co Point Pilait. Hi prim tancatar na tri Muire don
adnoccul. Hi prim rothmail Crist mil & iasc eter a disciplu
iar n-esérgi. Hi prím rofhresgab in slaniccid co roshuid for deiss
dé athar, ut dixit,




p. 148.

Tanic teirt dénamm tarbai
co rrísam in rigadbai
mor fhochund a Crist roncar
arnad cóir in teirt d’adrad.

[5] Hi teirt co atchither thall
helend choem roches fri crand.
H[i] teirt tanic tall cen tár
tuath dé dar sruth Iordanán.

Hi teirt roguidset cen lén
[10] na tri mec & Danhél.
Hi teirt roaigligset ar ríg
tuath olc imresnach Iudaí.

Hi teirt rotuairced de shund
Iacob thall rop écomlund.
[15] Hi teirt in rath lán rolass
for Ióin a n-inis Pathmas.

(MS p. 247b)

I Teirt tanic tall cen ail
spirut dé ara apstalaib.
i teirt rocuirtha dar cend
[20] na muir im Ierusalem.

Hi mmedon lái lathar nglan
dorigned intí Ádam.
is a medon lái rocloss
dosgní iarom immarboss.

[25] Hi mmedon lái mor ind ail
indarb[a] a parrdus Ádaim.
i mmedon lái mor in scel
rotusmarb Caín Abél.




p. 150.

Hi mmedon [lái] mor temel
[30] rocuirtha sa sornd tened
itchuala cách granna in mod
na tri meic la Nabcodon.

Hi mmedon lái crochad Crist
dar hindarbad cech tromthríst.
[35] rosærtha sluaig domain de.
rofírtha na fátsine.

Hi mmedón la[i] .xiiii.
luid Nóe na aircc noco bréc.
i mmedhón lái lathar ngle
[40] tanic esti doridise.

Him noín tanic [tall] in sluag
clann Israel tre Muir Ruad.
is im noín cía nert is mó
rotrascrad múir Herichó.

[45] IM nóin rucad Helíí uag
ina charput don bith buan.
im nóin doragai cen trist
do chathugud fri hanchrist.

IM noin nuall hi croich in rig.
[50] im noin goet a chorp hi crí.
im noín fáid a spirut uad.
im noin airg iffernd aduar.

IM noin rodorchaid grian gle.
im noin roscailt na cairrge.
[55] robrúcht in talum cen ail.
roscéidset na hadnacail.




p. 152.

Im noin roscailted i nh
fial in tempail téchtaide.
im noin tanic dath fala
[60] dona topraib toebthana.

IM noin cumscuchad na rend.
cuirtha cumtaige ara cend.
im noin rodorchaid in bith.
im noin tánic in tarmcrith.

N

[65] [Cidh do dainib domain che
do neoch techtus trocuire
na cifitis co cái cnet
tracht is loch o rociset.]

In uair fhescair clechta lá
[70] ic popul in rigrectá.
édpairt in uain a dáine
nothoirned buaid bithbáide.

In t-uan rohedpartha thall
oc oes rechta cen imrall
[75] hi fhigair Crist comall ngle
rocrochad dar ar cendne.

Feib robói inn uan cen chinaid
ic lucht rechta airdhidain
amlaid roboí ar n-uanni glan
[80] mac rig nime & talman.




p. 154.

Bá hi forba .xiiii.
dognitís ni himerbréc
múinnter Moyse in cháisc maith mod
noco ládis do domnach.

N

[85] [I fesscur dorigne Crist
osaic [a] apstal gan trist.
roordaig caisc cin terca
daig comalto caoimrechta.]

Otraracht Crist o marbaib
[90] findad cechoen co nanmain
for domnach caisc ósin ille
dáig mortha na heserge.

Celebrad cách díb colléic
in trath dian comainmm compleit.
[95] rochelebair Crist cen cháin
sel bec rena hergabail.

Diarguid in t-athair fo trí
tria rún raith rathaig rathbí
da roshlecht glanmhod rocloss
[100] curba hadbul a alloss.

Medón aídche ar intlicht án
dorigned talum tondbán.
aingil anmanda malle
darónta medón aidche.

[105] Medon aidche tanic tall
in t-aingel óg cen imrall
tuath dé ba gnímrad cert
curasmarb primgein Egept.




p. 156.

Medon aidche diúlt ar tús
[110] Petar ba truag in t-imthus.
medon aidche ar crabud chain
tuaslucad Poil a carcair.

I Tiugnáir gein Crist meic Dé.
i tiugnair a eserge.
[115] i ttiugnair ticfai in bráth buan.
i tíugnair atre in morshluag.

I Tiugnair doraga in rí.
slicht a chrecht ina choemchrí.
cona chroich ndeirg co ndruine
[120] ferfaid feirg in rigruire.

N

[Bud uathmar faircsi mo rig
risan lucht na bis a sidh.
bud cennuis a gnuis gle glan
risin lucht ranadh rathmar.]

[125] Andsa dún tocht ina dáil
acht ni husa a imgabail.
rocrochsammar cen cinaid
mac dé dein co ndeigfigair.

Esium i ndeilb dhochraid dúir
[130] ar ar n-íccne tre glanrúin.
is amlaid thicfa do bráth
mac de athar cen anfháth.

Ar romided mac mo dé
o dóinib tré drochcride.
[135] midfid do bráth in ruire
for chách ina rígshuide.




p. 158.

I Tiugnair ticfa in cith cruaid
shoifess in bith fri henuair.
atre as cech aird lassar lond
[140] loiscfes in talum tæbthromm.

N

[Duairc ticfa torann tretnach
croithfes talam tromletnach
mairg na faichlither in cith
lafeis na huile i n-airmgrith.]

[145] Hi prím doratad in mand
do macu Israel tall.
isa prim noedprad cách
do rer rechtai cin anfhath.

I prím rucad Crist rontairc
[150] hi congair co Point Pilait.
i prím thancatar cen on
na Muire don ádnocol.

Hi prím doromailt in rí
mil is iasc iar n-esergi.
[155] dessid for deiss in rig rain
i prím iarna fresgabail.

Hisu Crist cend na n-uli
enmac Muire ingene
fir domain do réir in mhec
[160] dia cobair co trén tanic.

Tanic teirt d. t.

N

[Ocht trath tiagmuid do guide
innosa mo righruire
secht trath nama teigthi tall
ic æs rechta cen imrall.]



© 2008 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window