Imchlód Aingel

Author: unknown

Editor: T. P. O’Nolan

An electronic edition


view the header | view MS 23 P 16 (Leabhar Breac) on ISOS



p. 254.

Imchlód Aingel

1. Aingil Dé dom dín     fon caingin clé atchíam
secht naiste don ór     slóg ná blaiste bíad.

2. Secht n archaingil ann     na rath-maindir liumm
secht cloidme na cell     dom choimge os mo chind.

3. Secht sinnsir, secht slóig     ná millter mé thríb
secht scéith ar mo scáth     na cléith co bráth bimm.

4. Bit limm ar Dia ndil     am chind cid cia raib
bit daingen nach dluig     secht cuir aingel air.

5. Cor díb Míchél mór     a glor ni glór fand
Ráphíal doráith riumm     scáth-fial bláith a barr.

6. Cor díb Urial án     re cech ngád rosmbeth
cor díb Sáríal sruith     bánníam Dé a drech.

7. Cor dib Raphael réid     a chéimm is céimm glan
cor dib Painiel dian     Gabriel cia ar nach cor.

8. Secht cuir dar cend De     mar is ferr fuil fái
[a]en chor cend hi cend     gébthar lem cech lái.

9. Míchél lem cech Luain     tend nach díchél dáil
m’aingel find-sa fén     daingen limsa im láim.




p. 255.

10. Rauphel lium doráith     os cind cecha cuir
mo shlánti-si air     Máirt is dó is dluig.

11. Urial fial na fhert     cabur fial na ndlocht
sa cétáin bam churp     nach écáin int olcc

12. Sarial aingel uaimm     co daingen im dáil
dom dín cech Dardain     ar cech ngním co graín.

13. Rumial limm doráith     os cind cáich co cert
nimria an Aine olcc     le a nóime is le a nert.

14. Panuhél puirt Dé,     dom dín ar cech ndruing
for theidm Sathairn seing     for rind cath-airm cuirr.

15. Gabriel geltar grád     is é in sechtmad slán
cech Domnaig dom dín     ar fódhlaib ar phlág

16. Na secht cuir sin Críst     Críst fén fer cen crith
dom soerad ba sech     ar boegul ar bith.

17. Ar escaine ar aeir     ar ges duine ar gliaid
ar phianaib ar phláig     ar díablaib im diaid.

18. Ar shait im ní acht nem     ar ní nach bi bal
ar chroes is ar chol     ar thol re boes mban.

19. Ar urcháined ngúr     ar gle chaíned ngním
ar cech caingin clé     aingil Dé dom dín

A. D. d.




p. 256.

20. Dá apstol déc Dé     cutoirset indiu
in cuire noem nua     Muire mar oen riu.

21. Pilip Petur Pól     Parthalón na pend
Muire in fhír-óg fhind     lium is Símón seng.

22. Matha maith dom dín     re ndul i treis n-uilc
tair is feith mé a Maircc     do leith chlé mo chuirp.

23. Guidim Andrias úr     ar mo chúl re cách
da Iacob can fích     sciath [fh]ál ar mo scáth.

24. Lucas dom leth roib     cóir a beith is biaid
bíd Eoin is da Eoin     ocum dín am diaid.

25. Ticed find Phól fúmm     re cech n imchlód nár
mar thísad ech úr     fúm tís leth re lár.

26. Petur thorum túas     toisech na fher find
mo chomla nach camm     dom chomga os mo chind.

27. Na prím fáithe fós     feithet me ar rith nuilc
ceithre condli Críst     do choimgi mo chuirpp.

28. Scáth carut bam cliu     nachumgabat gái
Spirut dúilech Dé     mo lúirech cech lái.

29. Críst fúm Crist bam chind     Crist ceachtar dam thóeb
com chride com chliab     Rìg nime na nóeb.

30. Ríg nime na noem     bile úr os chnairr
ar demun dom dín     dom sprebad dom spairr.

31. Lúirech Dé bam scing     díchras demun dímm
mé a maindir na nóem     aingil Dé dom dín.

A. D. d. d.




p. 257.

After rann 16 D has:

M’anam ar iocht nDé     do dhídion mo chuirp
dom chobhair gan chleith     an aghaidh gach uilc.
Victor aingel ard     gach laoi ar mo lorg
Aingel nach clé conn     daingean nach treith tolg.

After rann 20 ABCD have:

Tomas lem gach laoi     erlamh as fearr é
go meduightear mé     re deg easpol Dé
Barnabas na mbuadh     don teaghlach lán trén
lucht righ-tighe an righ     as fíor glaine fréumh.



© 2009 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window