May 2002


UCD News Home

Mergers Control seminar
in Law Faculty

Dublin Molecular
Medicine Centre
agreement is signed

Centre for Development
Studies course on
gender

Sexual abuse seminar
from Canadian expert

UNICARE awards are
presented

Special Olympics
needs volunteers

Burial grounds book
reveals secrets of 
often-forgotten places

Film at UCD

Glenomena sets new
standards in
accommodation

EPA grant for
agricultural research
consortium

Cúrsa Gaeltachta
Bhord na Gaeilge 2002

Healthcare risk
management project

UCD student to pioneer
BA International degree
in Syria


Sport News.

Othernews I
Othernews II
Othernews III

Camera

Governing Authority
Report 26 March 2002


E-mail:
ucd.news@ucd.ie





 

Bord na Gaeilge awards presented 

Bronnadh dhá ghradam nua, Bonn Óir Bhord na Gaeilge agus Gradam Bhord na Gaeilge, ag ócáid a bhí ar siúl sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 3 Aibreán. Bronnnadh an bonn óir ar an Dr. Annraoi de Paor, an tOllamh le hInnealtóireacht Leictreach sa choláiste, mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige ar son na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den institiúid, agus bronnnadh Gradam Bhord na Gaeilge (teastas agus seic ar _500) ar Áine Ní Fhaoláin, mac léinn le Nua-Ghaeilge agus le Ceol. Is é Uachtarán an Choláiste, an Dr. Art Mac Coscair, a bhronn an dá ghradam. 

Is as Port Láirge ó dhúchas é Annraoi de Paor. Ceapadh ina Ollamh é i Roinn na hInnealtóireachta Leictrí sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath sa bhliain 1978, post a bhfuil sé fós ann. Tá cáil air mar mhúinteoir, mar stiúrthóir tráchtas agus mar údar. Tá mórán foilsithe aige le breis is fiche bliain anuas, idir aistí teicniúla, shaothar cruthaitheach agus aistriúcháin Ghaeilge. Tá aithne mhaith air mar scrúdaitheoir seachtrach in ollscoileanna eile in Éirinn, sa Bhreatain, sa tSlóvaic, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Ind. Is mó onóir atá bronnta ar an Ollamh de Paor ag ollscoileanna agus ag institiúidí roimhe seo, gradaim ar nós Bhonn Faraday agus Bhonn Mullins, mar aon le Bonn ó Fhondúireacht Alexander Dubcek sa tSlóvaic. 

Is duine í Áine Ní Fhaoláin a ghlacann páirt i mórán imeachtaí i saol an Choláiste, agus tá ról gníomhach aici i gcúrsaí díospóireachta sa Chumann L&H go háirithe. Cuireann Áine an Ghaeilge chun cinn go fuinniúil sa phobal i gcoitinne agus i saol an choláiste go speisialta. I mí Éanair na bliana seo, mar shampla, d'eagraigh sí comórtas díospóireachta Gaeilge idir na hollscoileanna i mBelfield. Reachtáladh an comórtas thar dheireadh seachtaine agus bhí mic léinn ón gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Tríonóide páirteach ann. D'éirigh thar barr leis an imeacht seo agus beidh sé ar siúl go bliantúil as seo amach. 

Bunaíodh Bord na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath sa bhliain 1997. Is le cúnamh airgid ó Scéim Sprocairgeadaithe an Údaráis um Ardoideachas a chuireann an Bord mórán seirbhísí ar fáil. I measc na seirbhísí seo tá ranganna Gaeilge do mhic léinn agus don fhoireann, cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí. Cuireann An Bord dialann agus lámhleabhar dátheangach ar fáil go bliaintúil chomh maith. 

Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge, Clár Ní Bhuachalla. Guthán: (01) 716- 8413; oifigeach.gaeilge@ucd.ie

Bord na Gaeilge awards presented

The Bord na Gaeilge Gold Medal has been presented to Dr Annraoi de Paor, Professor of Electrical Engineering, in recognition of his contribution to the Irish language both within and outside the University. 

The Bord na Gaeilge Award has been presented to Áine Ní Fhaolain, a student of modern Irish and music. In January of this year she organised an intervarsity Irish language debating competition in Belfield which is to be an annual event. 

Áine and Professor de Paor are pictured above with Professor Séamas Ó Catháin (centre), Chairman of Bord na Gaeilge.

 

 

UCD News
The Office of Public Affairs
University College Dublin
Belfield
Dublin 4
Tel: +353-1-716-1681
Fax: +353-1-269-8366
Email: Ucd.news@ucd.ie

© Copyright The Office of Public Affairs, U.C.D. 2002