Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí UCD

Tá seacht Scoil i gColáiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí mar aon le hAonaid Taighde agus Institiúidí gaolmhara. Clúdaíonn an Coláiste réimse leathan disciplíní sna hEalaíona agus sna Daonnachtaí, ón Stair, Teangacha, an Teangeolaíocht, an Litríocht agus Léann an Chultúir, an Ghaeilge, an Béaloideas agus an Léann Ceilteach go Stair na hEalaíne agus an Polasaí Cultúrtha, an Ceol, an Léann Clasaiceach, an Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Drámaíocht, agus Scannánaíocht. 

Tá an Coláiste tiomanta do thimpeallacht foghlama den chéad scoth a chur ar fáil do mhic léinn fochéime agus iarchéime agus tá cáil dhomhanda bainte amach ag an gColáiste i measc mic léinn ó chúlraí ilghnéitheacha agus a bhfuil taithí éagsúil acu. Tá naisc ar leith cothaithe ag an gColáiste leis na Stáit Aontaithe, an India, Ceanada, an tSín agus le tíortha ar fud na hEorpa, agus clú dá réir bainte amach againn ar an ardán domhanda de bharr tograí comhoibrithe le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireann an Coláiste le saol intleachtúil agus cultúrtha na hÉireann agus an domhain tríd an mbarr feabhais a léiríonn sé sa taighde nuálach a dtugtar aitheantas idirnáisiúnta dó. Tá go leor duaiseanna bronnta ar ár scoláirí agus aitheantas seachtrach tugtha dóibh ar leibhéal domhanda a bhuí lena gcuid taighde. Ní hamháin sin ach tá maoiniú agus deontais faighte acu ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ó Chláir Réime um Thaighde de chuid an AE.

Tá pobal ilghnéitheach na hÉireann ar thairseach chomóradh céad bliain de bhunú an Stáit mar thír a bhfuil áit greanta aici i stair agus i gcultúr na hEorpa agus an domhain le breis agus céad bliain anuas. Tá éabhlóid na sochaí Éireannaí, i gcomhthéacs na n-ealaíon agus an chultúir dhomhanda, le feiceáil i gColáiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí UCD. Tá cuid mhaith dá chéimithe tar éis róil cheannaireachta a bhaint amach a réitigh áit d’Éirinn ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta. Téann an anailís chriticiúil go croí dhisciplíní agus chláir an Choláiste. Bíonn tionchar aige seo ar chéimithe an Choláiste agus ligeann sé dóibh róil cheannaireachta agus ghníomhacha a ghlacadh d’fhonn beathaí a athrú trí thuiscintí litríochta, staire, teangeolaíochta agus cultúrtha. Tá lúcháir orainn a bheith ar thús cadhnaíochta sna hathruithe seo agus ré nua á stiúradh againn sna hEalaíona agus sna Daonnachtaí. 

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777