Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Domhan Sláintiúila Fhorbairt

Tá gach dúil bheo ar an domhan ceangailte go dlúth trídan mbithsféar.

Ó mhiocróib a chónaíonn san ithir go daoine daonna, ceanglaíonn an biashlabhra agus an comhshaol gach dúil bheo. Mar sin féin, is minic a dhéantar dul chun cinn maidir le sláinte daoine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí ar leibhéal na miocrorgánach nó ar an leibhéal ceallach, agus tá forbairt thapa á déanamh ar chúram sláinte pearsantaithe bunaithe ar an mbithfhaisnéisíocht. 

Cé gur baineadh go leor amach ó thaobh cóireáil a dhéanamh ar ghalair thógálacha, tá méadú mór ag teacht ar líon na gcásanna de ghalair thógálacha, ach go háirithe sa domhan forbartha. 

Ní mór mar sin machnamh a dhéanamh ar go leor gnéithe éagsúla den tsláinte.

Is é UCD an t-aon ollscoil in Éirinn a thugann le chéile na heolaíochtaí sláinte daonna agus ainmhithe, na heolaíochtaí talmhaíochta agus bia, agus na heolaíochtaí comhshaoil agus sóisialta. Déanaimid neart taighde agus teagaisc i dtáirgeadh bia agus cothú agus sláinte, agus tá saineolas againn sa mhíochaine phearsantaithe, cúrsa saoil agus aosú an
duine. Mar sin, tá deis ar leith againn aghaidh a thabhairt ar na sineirgí oideachais agus taighde idir na heolaíochtaí sláinte daonna, ainmhithe agus comhshaoil.

Déanfaimid dul chun cinn maidir le tuiscint ar shláinte agus folláine an duine, ainmhithe agus an chomhshaoil ar mhaithe leis an tsochaí, ón leibhéal ceallach go dtí leibhéal an daonra, agus ó leibhéal an duine go dtí leibhéal an bhithsféir ar an iomlán. Mar chuid de sin, aithneoimid an t-idirnasc idir gach dúil bheo agus bainfimid úsáid as an gcoincheap Sláinte Amháin (‘One Health’) dó seo. Beidh sé mar aidhm againn idirghabhálacha inbhuanaithe agus eiticiúla de gach aon chineál a chruthú a chuirfidh le sláinte agus folláine daoine aonair, daonraí agus an chomhshaoil. Cuirfear comhoibrithe nuálacha idirdhisciplíneacha teagaisc agus taighde chun cinn le dul i ngleic le gnéithe tábhachtacha de shláinte agus folláine an duine, ainmhithe agus an éiceachórais dhomhanda. Forbróimid agus tacóimid le cláir chun dea-shláinte a chur chun cinn, cosc a chur le galair agus drochshláinte, agus riochtaí sláinte a chóireáil.

Cuirfimid cláir sláinte agus folláine ar fáil do gach ball de phobal ollscoile UCD, agus mar sin déanfaimid forbairt ar an tionscnamh UCD Sláintiúil. Cuirfimid UCD chun cinn mar shamhail do shochaí sláintiúla, agus déanfaimid iarracht oideachas a chur ar gach ball dár bpobal maidir le gnéithe bunúsacha an tsaoil sláintiúil agus na tairbhí a bhaineann le slí mhaireachtála sláintiúil a bheith ag duine.

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777