Tionól Gaeilge UCD 2020 ar líne

29 Meitheamh - 1 Iúil

Tá Tionól Gaeilge UCD dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh sé oiriúnach freisin do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge nó ar an Léann Éireannach san ollscoil, in Éirinn agus i dtíortha eile. Is é 'Gaeilge i gComhthéacs Domhanda' téama na bliana seo.

Má tá aon cheist agat faoin scoil samhraidh seo is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaeltacht@ucd.ie

Bróisiúr 2020

Tionól Gaeilge UCD, an tairiscint nua do 2020 ar líne

 

Clárúchán

Brúigh anseo don triail socrúcháin teanga.

Show/hide contentOpenClose All

  • "Thaitin gach rud faoi Thionól Bhord na Gaeilge liom. Thar aon rud eile thaitin an múinteoir liom." - Miriam O'Callaghan
  • "Bhíomar ag caint go leor gan strus agus tá níos mó Gaeilge agam anois. Bhí na daoine cairdiúil. Bhí an Tionól eagraithe go han-mhaith." - Patrick Ó Murchú
  • "Bhain mé an-taitneamh as gach gné den chúrsa - na daoine, na ranganna, na himeachtaí agus an chraic! Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn gan dabht!" - Hannah Ryan Murphy