Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Bliain na Gaeilge 2018

Tá Lárionad De Bhaldraithe sa Scoil tar éis maoiniú a ghnóthachtáil ó Chiste125 Bhlian na Gaeilge agus ó Shíolchiste UCD le comhdháil a reachtáil ar théama an aistriúcháin liteartha Ghaeilge ó aimsir na hAthbheochana i leith.

Maireann pobail mionteangacha ar an teorainn idir teangacha agus is minic an t-aistriúchán ina dhoras idir na teangacha sin. Tabharfaidh an chomhdháil lae seo deis do thaighdeoirí agus d'aistritheoirí gairmiúla ról an aistriúcháin ó aimsir na hAthbheochana i leith a chíoradh, próiseas an aistriúcháin a phlé agus na naisc liteartha idir Éire agus Mór-Roinn na hEorpa a iniúchadh. Beidh béim ar leith ar aistriúcháin liteartha an úrscéil chlúitigh Cré na Cille. Tá an t-úrscéal le fáil in 8 gcinn de theangacha na hEorpa faoi seo agus beidh cúigear de na haistritheoirí farainn ar an lá le plé a dhéanamh ar a gcuid saothar agus ar dhúshlán an téacs don aistritheoir d'fhonn léargas nua a thabhairt ar an úrscéal.

Beidh an chomhdháil ar siúl ar an gcampas Dé Sathairn, an 20 Deireadh Fómhair 2018:

Sceideal na comhdhála 20 Deireadh Fómhair: An t-aistriúchán liteartha agus Cré na Cille

Léacht de hÍdeBa é an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn a thug an t-aitheasc tionscnaimh do Léacht de hÍde. Is féidir éisteacht siar le léacht an Uachtaráin anseo:

Rinne Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge 2018 trí fhíseán a fhoilsiú gach lá ó 1 Eanáir 2018 go dtí 31 Nollaig 2018 le blúirín beag eolais mar gheall ar an nGaeilge. 

Brúigh ar an íocón ar chlé ag barr an fhíseáin le seinnliosta iomlán na bhfíseán a oscailt:

  • Ceann na Scoile an tOllamh Regina Uí Chollatáin a bhí mar chathaoirleach ar an bpaineál plé Bliain na Gaeilge in the USA a d'eagraigh Coimisiún Fulbright i dTeach an Ardmhéara. Ócáid dhátheangach a bhí i gceist inar pléadh an tóir atá ar an nGaeilge sna Stáit Aontaithe. (Aibreán)
  • Thug an Dr Aoife Whelan léargas ar ról lárnach na mban i bpolaitiú Chonradh na Gaeilge le linn thréimhse na réabhlóide: 'Irishmen and Irishwomen’: Ról na mban i bpolaitiú Chonradh na Gaeilge. (Márta)
  • Labhair Dr Aoife Whelan ag an ócáid Ó Chonradh go Dáil: Ról na hAthbheochana i mbunú an Stáit i dTeach an Ardmhéara. (Eanáir)