Léachtaí Bliantúla
Reachtáltar trí léacht bhliantúla i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar atá:
Cuireadh tús le Léacht Uí Chadhain sa bhliain 1980. Ainmníodh an léacht as an údar clúiteach agus an gníomhaí pobail Máirtín Ó Cadhain agus tá sé mar sprioc ag an Léacht iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht liteartha Uí Chadhain agus ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi Mháirtín Ó Cadhain ag máirtínócadhain.ie
Liosta na Léachtaí 1980-Inniu
Is féidir teacht ar thaifeadtaí na léachtaí ó 2016 i leith ar Cultúr@UCD, cuntas Soundcloud na Scoile, nó na taifeadtaí a chur ar siúl díreach anseo trí chliceáil ar an gcnaipe oráiste thíos faoi theideal na léachta. Más spéis leat éisteacht leis na léachtaí a tugadh roimh 2016, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann Ionad Ilmheán na Teanglainne le teacht ar na taifeadtaí sin. Ní dhearnadh taifeadadh gach bliain ach tá an chuid is mó de na léachtaí ann.
Year | Speaker | Lecture title |
2017 | An tOllamh Máirín Nic Eoin |
Athnuachan agus athghabháil shaothar liteartha Uí Chadhain |
2016 | Joe Steve Ó Neachtain |
Ó Cadhain: An ag doras an bháis atá lorg a láimhe anois? |
2015 | Peadar Ó Riada | Fuaimeint Gaeil |
2014 | Darach Ó Scolaí | Cuimhne agus Díchuimhne |
2013 | An Dr Diarmuid Ó Sé | Fiche Blian ag Fás mar shaothar liteartha |
2012 | Máire Ní Neachtain | An é tobar an dúchais tobar an dóchais? |
2011 | Dónall Ó Braonáin | Ceist na Gaeltachta i saothar Uí Chadhain |
2010 | Colm Breathnach | Idir Dhá Ainm - nó Fás an Údair |
2009 | An tOllamh Nicholas Williams | An Chornais agus an Ghaeilge – ceacht nó rabhadh? |
2008 | Níor reachtáladh léacht | Níor reachtáladh léacht |
2007 | An Dr Regina Uí Chollatáin | In Ard a Ghutha, finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta |
2006 | Aodh Ó Canainn | Aistritheoirí idir Dhá Sholas: Eorpú agus Domhandú |
2005 | An Dr Pádraigín Riggs | Idir Shúgradh agus Dáiríre: an Gearrscéal iar-Chadhnach |
2004 | An Dr Caoimhín Mac Giolla Léith | Athnuachan na Filíochta |
2003 | Nuala Ní Dhomhnaill | Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann |
2002 | Pádraic Breathnach | Carracáin agus Bráiste - ómós do Mháirtín Ó Cadhain |
2001 | An tOllamh Cathal Ó Háinle | Barbed Wire - tuairisc eagarthóra |
2000 | Mícheál Ó Conghaile | Coisméigeacha Beaga agus Coisméigeacha Móra |
1999 | Liam Mac Cóil | Traidisiúin |
1998 | Biddy Jenkinson | ...liric dheas neamhurchóideach ocht líne |
1997 | An Dr Tadhg Ó Dúshláine | Uraiceacht na gCorcaíoch: sliocht sleachta Innti |
1996 | Liam Ó Muirthile | Tá an fráma imithe ina lacht: an teanga agus an téacs |
1995 | Diarmuid Breatnach | Le gean ar Ghaeil: fiontar beathasinéise |
1994 | An Dr Angela Bourke | Traidisiúin an léinn agus léamh an traidisiúin |
1993 | An Dr Máire Ní Annracháin | An tSuibiacht Abú, an tSuibiacht Amú |
1992 | An tOllamh Breandán Ó Doibhlin | Ó Cadhain tar éis Cré na Cille |
1991 | An tOllamh Seán Ó Tuama | Ómós áite: a rian ar scríbhneoirí in Éirinn |
1990 | Eoghan Ó hAnluain | Creidim fós, beagnach... |
1989 | An tOllamh Seán Ó Coileáin | An Bheatha agus an Saothar |
1988 | An Dr Gearóid Ó Crualaoich | Máirtín Ó Cadhain agus Dioscúrsa na Gaeilge |
1987 | An Dr Louis de Paor | Máirtín Ó Cadhain: scríbhneoir nua-aimseartha iar-Fhreudach |
1986 | Gearóid Denvir | Ó Chill go Cré: Léamh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain |
1985 | Liam Ó Dochartaigh | Cúis na Gaeilge: Cúis ar Strae |
1984 | An tOllamh Declan Kiberd | Caint na nDaoine mar Bhonn Liteartha |
1983 | An Dr Aisling Ní Dhonnchadha | Fáinne an Lae: ceann d’fhoinsí na hAthbheochana |
1982 | An Dr Gearóid Ó Tuathaigh | Máirtín Ó Cadhain: stair agus polaitíocht (Ó Cadhain - scríbhneoir engagé: an fear agus an traidisiún) |
1981 | An Dr Alan Titley | Ag déanamh páipéir: foinsí inspioráide an Chadhnaigh |
1980 | Breandán Ó hEithir | Máirtín Ó Cadhain: an pholaitíocht agus an Ghaeilge |
Póstaeir na Léachtaí 2011-Inniu
Léacht bhliantúil in ómós don Ollamh Bo Almqvist
Rugadh Bo Almqvist in Värmland sa tSualainn agus rinne sé staidéar ag Uppsala Universitet, áit ar bronnadh PhD sa Bhéaloideas air, agus i Reykjavik na hÍoslainne, áit ar bronnadh Baccalaureatus Philologie Islandicae air. Bhí cónaí air san Íoslainn ar feadh na mblianta, áit ar mhúin sé cúrsaí sa tSualainnis agus i litríocht na Sualainne. Mhúin sé cúrsaí sa bhéaloideas in Uppala Universitet idir 1960 agus 1972 agus ceapadh é ina cheann roinne sa bhliain 1967, ról a chomhlíon sé go dtí 1969. Tháinig sé isteach mar chomharba ar Shéamus Ó Duilearga mar Ollamh le Béaloideas in UCD sa bhliain 1972. Thug sé a chéad cuairt ar an nGaeltacht sa bhliain 1957 nuair a chuaigh sé siar go Leithinis Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí agus bhailigh sé neart béaloidis ann, go háirithe i nDún Chaoin ó Mhícheál Ó Gaoithín agus Bab Feirtéar i measc daoine eile. Ghnóthaigh sé cáil idirnáisiúnta mar shárscoláire as a chuid oibre ar bhéaloideas na hÉireann agus ar na naisc chultúrtha idir Éire agus Críoch Lochlann.
(Ó Viking Ale. Studies on folklore contacts between the Northern and the Western Worlds, by Bo Almqvist, edited by É. Ní Dhuibhne-Almqvist and S. Ó Catháin, Aberystwyth 1991. Aistriúchán Eoin Mc Evoy.)
Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2017
Clár 2017
Tionól Béaloideasa agus Eitneolaíochta 2016
Clár 2016
Sraitheanna Seimineár
Chomh maith leis na léachtaí bliantúla thuas, bímid gnóthach leis na sraitheanna seimineár seo a leanas sna hábhair éagsúla. Tugann na sraitheanna seo deis dár gcuid mac léinn teacht i dteagmháil rialta leis an taighde is nua sna réimsí a bhfuilimid ag obair iontu.
Sraith í seo a dhíríonn ar an mbéaloideas in Éirinn. Tá fáilte mhór roimh chuairteoirí. Is gá do na mic léinn iarchéime atá ag plé le Béaloideas na hÉireann bheith i láthair.
2019
- Peter Browne ‘Tuning the Radio’: the close connections between traditional music and radio in Ireland. (Aibeán)
- Michael Fortune ‘The Process and Tools used to Collect and Share Folklore in Contemporary Ireland.’ (Márta)
- Alan McLeod ‘Documenting tradition in a north Dublin fishing community: Alan McLeod’s ‘Perils and pearls’ and Globby Wore Sea Chart.’ (Feabhra)
- Ellie Nic Fhionnghaile ‘Athbheochan Traidisiún Fidil Dhún nan Gall 1980-2018’ (Eanáir)
- Jim Ledwith ‘The Mind of the Masked: masking in Irish folk tradition.’ (Eanáir)
2018
- Fiona Shannon, MSc: Looking back on traditional medicinal knowledge. A new perspective on the Schools' Manuscripts Collection. (Aibreán)
- Dr Arlene Crampsie: Mutual interests, different perspectives – the potential for collaboration between oral history and folklore in Ireland. (Aibreán)
- Professor Máire Ní Annracháin: Athchóiriú an bhéaloidis i nualitríocht na Gaeilge: tobar nach dtránn. (Márta)
- Dr Anne O'Dowd: Straw, hay and rushes in Irish folk tradition. (Feabhra)
- Gregory Darwin, MA: The Mermaid Legend (ML 4080) in Ireland and overseas. (Eanáir)
2017
- Merlo Kelly, MA (UCD): Fínis: A survey of an island (Samhain)
- Dr Aoife Granville (UCC): An Dreoilín: Traidisiún, Ceol & Féiniúlacht Phobail i nDaingean Uí Chúis (Samhain)
- Dr Gearóid Ó Crualaoich (UCC Emeritus): Towards an understanding of the ethno-poetic nature of traditional narration (Deireadh Fómhair)
- Dr Fred Freeman (RCS Glasgow): Hamish Henderson: A New Voice on 'The Carrying Stream' (Deireadh Fómhair)
- Dr Seán O'Connell (Queen's University Belfast): Interpreting nostalgia: memory and working class communities in Belfast (Meán Fómhair)
- Fionnán MacGabhann (UCD): The Skellig Lists: Shrovetide ballads and rhymes from the south of Ireland (Aibreán)
- Dr Mícheál Briody (Language Centre, University of Helsinki): Social Aspects of the Buaile (transhumance) in Ireland and Gaelic Scotland, with emphasis on women's tradition (Márta)
- Elsa Ósk Alfreðsdóttir, MA (University of Iceland): 'Dwelling in the Roots’: Herbal medicine traditions in Iceland (Feabhra)
- Jane Nolan (Maps & GIS Librarian, UCD Library): Visualising your Research with Maps (Eanáir)
2016
- Dr Marcas Mac Coinnigh (QUB): Tied Stones and Loose Dogs: Examining an 'Ancient Irish Adage' (Samhain)
- Dr Claudia Kinmonth MA (RCA), Visiting Research Fellow, Moore Institute N.U.I. Galway: Irish Country Furniture 1700-1950: Decoration & Display in the Farmhouse Kitchen (Samhain)
- An tOllamh Ríonach uí Ógáin, (UCD Emerita): Cycling the Coast of Clare: the Collecting Work of Séamus Ennis. (Samhain)
- Grace Toland (Irish Traditional Music Archive): ITMA - Present & Future. (Deireadh Fómhair)
- Dr Deirdre Nuttall (IAPH): A Hidden Folk: Understanding the Protestant Minority in the Republic of Ireland Through Folklore (Meán Fómhair)
Tá an tsraith seimineár 'Ó Thrácht go Twitter' á heagrú ag Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge UCD ó 2013 i leith.
Mar chuid den tsraith seo, díríonn saineolaithe teanga, idir acadúil agus ghairmiúil, ar ghnéithe uile na scríbhneoireachta agus na cumarsáide Gaeilge. Tá na seimineáir seo oscailte don phobal mór.
Social Media Links