Aistriúchán: Treoir & Ceisteanna Coitianta

Seimineár Gréasáin - Achtanna na dTeangacha Oifigiúla (Alt 10A. - Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí)

Aistriúcháin - Ceisteanna Coitianta

Reáchtálann Gaeltacht UCD seirbhís aistriúcháin Gaeilge/Béarla agus Béarla/Gaeilge UCD. Ba chóir gach iarratas a chur isteach i bhformáid WORD go dtí: ranganna.gaeilge@ucd.ie

Is féidir le Gaeltacht UCD comhairle a thabhairt air ag: ranganna.gaeilge@ucd.ie 

Féach freisin: https://www.ucd.ie/irish/en/supports/

Is féidir le Gaeltacht UCD comhairle a chur ort ag: ranganna.gaeilge@ucd.ie 

Féach freisin: https://www.ucd.ie/irish/en/supports/irishlanguagelegislation/

Baineann, tá conradh ag Gaeltacht UCD le comhlacht aistriúcháin sheachtrach agus clúdaíonn gach scoil nó aonad aonair costa a n-aistriúchán féin. Déanann Gaeltacht UCD profléitheoireacht saor in aisce ar na haistriúcháin chomhlánaithe sula gcuirtear ar ais chuig an scoil/aonad aonair iad. Déantar líon beag cáipéisí gairide a aistriú laistigh de Ghaeltacht UCD, agus tá bunachar aistriúcháin ag Gaeltacht UCD, ina bhfuil ainmneacha reatha na n-aonad, scoileanna, coláistí agus foirgneamh, féach https://www.ucd.ie/irish/en/supports/

Tar éis duit do théacs a chur isteach go ranganna.gaeilge@ucd.ie, iarrfaidh Gaeltacht UCD ar mheastachán; ríomhtar na costais aistriúcháin de réir méid na bhfocal agus castacht an téacs. Má tá an scoil/aonad aonair sásta leis an meastachán, beidh orthu uimhir ordú ceannaigh a sholáthar le haghaidh costais an aistriúcháin, tríd eProcurement UCD (cód soláthraí STA217) agus déanfar an obair aistriúcháin. Nuair a bhfaigheann an t-aonad/scoil an t-aistriúchán críochnaithe, déanann siad an uimhir ordú ceannaigh a mharcáil 'faighte' ar eProcurement UCD.

Braitheann meastacháin ama ar fhad an cháipéis agus ar chastacht an téacs. Is é an t-aga slánúcháin meánach tar éis don uimhir ordú ceannaigh teacht isteach ná 3-4 lá oibre le haghaidh téacs 1,000 focal nó níos lú.

 

Uaireanta cheapfá go mbeadh aistriúchán gairid nó thapa i gceist, ach ní i gcónaí go mbíonn sin fíor. Is féidir roinnt téacsanna a aistriú go hinmheánach ar an lá céanna. Bíonn gá le téacsanna eile a sheoladh amach agus/nó i gcásanna go mbíonn téarmaíocht 'nua' ann i réimsí saineolais d'fhéadfadh Gaeltacht UCD dul i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta ar do shon.

 

Le leanúnachas sa chaighdeán agus sa stíl inmheánach a chinntiú, molaimid go bpróiseálfar gach aistriúchán trí aon oifig amháin (Gaeltacht UCD faoi láthair). Más rud é go dteastaíonn ó scoil/aonad ar leith a gcuid oibre aistriúcháin a dhéanamh go neamhspleách, ba chóir dóibh dul i dteagmháil ar dtús le Soláthar UCD le cinntiú go bhfuil na haistritheoirí agus profléitheoirí i measc na cinn a cheadaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le déanaí, agus ar an dara dul síos go bhfuil an t-aistritheoir roghnaithe faofa don saghas téacs atá le haistriú, i.e. téacs ginearálta, téacs dlí srl.

Is iontach an bua é, cainteoir Gaeilge a bheith ar an bhfoireann ó thaobh na cumarsáide neamhfhoirmeálta de, ach, mura bhfuil sé/sí ina (h)aistritheoir proifisiúnta ní shábhálfar aon airgead ar aistriúcháin scríofa. Is ionann an costas a bhaineann le profléitheoireacht téacs agus an costas a bhaineann le haistriúcháin leis an gcuid is mó comhlachtaí aistriúcháin. D'fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí ann, nuair nach bhfuil ann ach treoracha bunúsacha agus/nó línte aonair téacs, sna cásanna seo beidh Gaeltacht UCD sásta cumarsáid a dhéanamh le comhghleacaithe agus moltaí a thabhairt de réir mar is gá.

Moltar gan Google Translate a úsáid, níl cruinneas ag an aistriúchán ar líne go fóill a chinnteodh an t-ardchaighdeán a bheadh de dhíth agus is minic a thagann earráidí chun cinn nuair a aistrítear focail agus frásaí as comhthéacs.

Is féidir le Gaeltacht UCD aistriúchán a sholáthar sa chás seo. Is féidir le ball foirne Ghaeltacht UCD é seo a thaifead duit agus/nó aisteoir le Gaeilge a mholadh duit.