Leabharlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann

Tá thart ar 50,000 leabhar, tréimhseachán agus seach-chló ag sain-leabharlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann, foilseacháin a bhaineann le cúrsaí béaloidis, eitneolaíochta, staire, litríochta agus réimsí gaolmhara.

Tá an Leabharlann oscailte don phobal Luan-Aoine, 10am-1pm agus 2-5pm, nó trí choinne. Tugtar comhairle don chuairteoir maidir le húsáid na leabharlainne.

Tá léir mór leabhar sa bhailiúchán ó thíortha eile na hEorpa ina bhfuil cur síos ar mhórán gné den bhéaloideas agus den eitneolaíocht. Anuas air seo tá roinnt saothar ón Áise, ón Afraic, agus ó Mheiriceá ar fáil.

Léiríonn an réimse leathan ábhar atá sa leabharlann an cur chuige cuimsitheach a ghlac an Coimisiún Béaloideasa Éireann agus a chomharbaí maidir le bailiú béaloidis agus staire cultúrtha. Áirítear na hábhair seo a leanas sa Leabharlann:

  • Léann na litríochta béil in Éirinn agus san Eoraip trí chéile
  • Téacsanna béil de bhunadh na hÉireann, na hEorpa, Mheiriceá agus an Áise agus eile
  • Staidéir ar an chultúr ábharach, eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann agus na hEorpa
  • Nósanna agus creidiúintí na hEorpa agus na hÉireann
  • Ceol tíre, amhránaíocht agus damhsa na hÉireann agus na hEorpa
  • An Antraipeolaíocht
  • Stair an dúlra
  • Luath-litríocht agus litríocht mheánaoiseach na hÉireann agus na hEorpa, chomh maith le sainchnuasach litríochta de chuid na dtíortha Lochlannacha
  • Litríocht réigiúnach na Gaeilge
  • Stair agus dinnseanchas na hÉireann
  • An Litríocht Angla-Éireannach
  • Staidéir theangeolaíocha agus chanúna
  • Réimse leabhar tagartha, foclóirí, léarscáileanna, srl.

 

TRÉIMHSEACHÁIN

Tá os cionn 2,000 teideal sa chnuasach tréimhseachán. Ina measc tá eagráin luatha de leithéid An Claidheamh Soluis agus An Gaodhal. Tá síntiúis reatha ag an leabharlann de theidil Éireannacha agus idirnáisiúnta, agus tá malartú tréimhseachán i bhfeidhm le níos mó ná 50 institiúid acadúil agus cultúrtha in Éirinn agus thar lear.

SAINCHNUASAIGH

Tá réimse leabhar agus léarscáileanna ón luathré, maille le cnuasach mór scríbhinní taistil ón 18ú agus ón 19ú céad (leabhairíní mangaire ina measc), chomh maith le cnuasaigh thábhachtacha a bhaineann leis an litríocht Angla-Éireannach ar fáil sa sainleabharlann.

Iarann muid ar chuairteoirí dul i dteagmháil linn sa chéad dul síos le coinne a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an gCnuasach.

 TOP