Eolas do Chuairteoirí

Tá cartlann agus leabharlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann suite ar urlár na talún in Áras Newman (Bloc F), Campas Belfield. Léarscáil

Uaireanta oscailte: 10-1pm, 2-4:30pm, Dé Luain–Dé hAoine.

Iarann muid ar chuairteoirí dul i dteagmháil linn sa chéad dul síos le coinne a dhéanamh cuairt a thabhairt ar an gCnuasach. Féadfar coinne a dhéanamh le ríomhphost chuig bealoideas@ucd.ie nó glaoch a chur ar +353 1 716 8216.

Taighde & Foilsiú

Iarrtar ar thaighdeoirí atá ag baint úsáid as an gCnuasach den chéad uair an fhoirm iarratais thíos a líonadh. Tá mionsonraí na muirear cóipeála agus atáirgthe ar fáil chomh maith sna doiciméid seo a leanas, taobh le roinnt eolais breise do chuairteoirí úra:

 

ÍOCAÍOCHTAÍ AR LÍNE

Féadfar íoc as cóipeanna d’ábhar cartlainne agus seribhísí eile ar líne anseo.

 TOP