Tá ard mheas ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann ar cuid sonraí pearsanta ár gcuid úsáideoirí, agus oibríonn muid go coinsiasach le iad a chosaint. Déantar aon eolas phearsanta a roinneann cuairteoirí linn a chur ar leataobh agus a chaomhnú de réir cuid téarmaí agus dualgais anRialachán Ginearálta um Cosaint Sonraí (GDPR) 2018.
Ní bhailíonn Cnuasach Bhéaloideas Éireann aon eolas pearsanta fút ón suíomh seo. Bailímid sonraí úsáide áirithe anaithnid le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Baineann na fianáin seo le rogha teanga an úsáideora agus le sonraí Google Analytics. Úsáidimid Google Analytics chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Google Analytics sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh. Usáidimid na sonraí bailithe ag Google Analytics chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí.
Maidir le sonraí pearsanta a bheireann tú dúinn go deonach agus tú í mbun taighde linn - go pearsanta, thar an bhfón, i ríomhphost, i litir srl – ní dhéantar iad seo a roinnt le tríú páirtí ar bith. Déantar na sonraí seo (ainm, seoladh, ríomhphost, uimhir fón, eagraíocht, ábhar taighde) a úsáid mar a leanas:
Ní bheidh fáil ag éinne ar do chuid sonraí pearsanta ach baill foirne an Chnuasaigh amháin, agus iad i mbun oibre ar na dualgais seo thuasluaite. Beidh cora agus bannaí fisiciúil agus digiteach i bhfeidhm le sábháilteacht do chuid sonraí a chinntiú.
Dar mhaith leat leasú ar bith a chur i bhfeidhm sna sonraí teagmhála atá againn duit, thig leat dul i dteagmháil linn.
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag bealoideas@ucd.ie nó thar an bhfón ag 01 716 8216.