A Poem on Aed mac Domnaill úa Néill of Ailech

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

An electronic edition


view the header



p. 304.

(MS p. 72a)

1. Aed Ailig, inmain lim hé,      dursan, a Dé, oided dó!
secht mbliadnæ oc Aed Átha Hí      robud sía mí ag Máel na mBó.

2. Secht mbliadna dam-sa ag rígh Rois,      robud cóem m’am-sa ag Máelmis,
cid mís nobheinn ’gun ríg thess,      rofess bíad mo scís fris.

3. Mór míad dorad dam-sa in rí,      dom ríar dorad fiadha faoi,
maith graig dorat damh rem lá      romhac na mná ó Maigh Áoi.

4. Dursan, a Chomghaill na cceól,      mac Domnaill do dheól don dáol,
dursan a oinech re lár,      dursan Ailech án gen Áod!

5. Ón ló romarbadh Áed oll      becc d’fheraib talman nach gann,
ó’tbath aithghein Logha lóir      frossa fola bud cóir ann.

6. Atá Temhair gan a túar,      atá fo gredhaibh a gáel,
atá in gæ gréine arna crádh,      atá Éire án cen Áedh.

7. Ní thaitnenn soinenn fri slíabh,      ní caiter mess crobang ccáemh,
cech adhaig as dorcha a dlúimh      ó doradadh úir tar Áedh.




p. 305.

8. A muinter Ardmacha móir,      ’ga tá mac na flatha fáen,
ticfaid dáil toibéime úaid,      bar n-úaigh obéle ré nÁedh.

9. I cath Craoibhe Tolcha thúaid      rofágbhus m’áes cumtha caomh,
maircc a haithle in fhleachaid láin      dosgáin Eachaid ocus Aedh.

Aedh.


© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window