Inmael and Inecen

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

An electronic edition


view the header | view the translation | view R. M. Smith’s edition from the Edinburgh MS | view the Book of Lecan (RIA 23 P 2) on ISOS



p. 69a.

(MS p. 166b)

Dia roibhe Cormac mac Airt mhic Chuind
chétchathaigh iar fuineadh n-gréine i Teamhraigh
na rígh, co facaidh dá mnái is cháimi ocus is
chruthaighe ocus is fhearr mámh ocus delbh
adchondairc ríamh. Ro fhiarfaigh Cormac
díbh: ‘Canas a tangabhar?’ ‘Ní hansa,’
ar síad. ‘Tar muir anall a críchaibh Alban




p. 69b.

ocus a túathaibh Glaisdig, ocus do shíl an
n-geilti n-glindi sind fén. Ocus ní
gabhaid síthchuireadha rind beos, ocus dognímaid
urchoid in cach inad a ngabhmaid. Ro
dhíthaighsem deich prímthellaighi fhiched i n-Albain.’
‘Cidh ima tangabhar ille?’ or
Cormac. ‘Ní hansa. D’ingreim na Teamhrach
fon cétna ocus dot’ ingreim-si féin,’
ol síad. ‘Caidi bhar n-anmanda?’ ol
Cormac. ‘Ní hansa,’ ol in bhean fa neasa
dó. ‘Inmael mo ainm-sea,’ ol sí. ‘Innegean
mo ainm-sea,’ ol in bhean aile. ‘Is
geis dam-sa,’ ar Cormac, ‘neach iar fuineadh
n-gréni d’fheis na Teamhrach.’ ‘Is airi
thangamar an toisc so,’ ar síad, ‘do choll
geise na Teamhrach.’ Is ann sin dochuadur
fa Teamhraigh ocus cach aen ar a m-beireadh
Inmael, do beanadh meóir a cos ocus
al-lám díbh ocus a mailghi ocus fabrada
úachtair a súil ocus a clúasa. Cach duine
ar a m-beireadh Inegean do beanadh a
chroicinn de co m-bo marbh. In tan imoro
ro fhiarfaigeadh cach dia chéili cidh dobheredh
sin, ‘Inmael ’s Aneigen’ ol síad. Cidh
tra acht robhadur seacht m-bliadhna ar an
irchoid sin, ocus adubhradur fri Cormac co
tibhraidis an athais cétna fair, mina adhradh
díbh-seom ocus mina chreidedh dona secht
n-deamhnaibh robhadur im cach mnái díbh.
‘Ar comairci in fhírdía do dhealbh nemh dam-sa,’
ol Cormac, ‘romaibh, úair is é sin
follamnaighes nemh ocus talamh’. ‘Ní
seachbaidh duit sin,’ ar síad, ‘úair dobhérmais-ne
aenre duit, coná beith acht adhradh
arracht ocus ídhal a n-Éirind ó sund co
bráth, mina deacha-su ar a chomairci sin, a
mo shruith, a Chormaic.’ Finit.



© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window